20231222_IRISH_daonaireamh_2022:_’gaeilge_an-mhaith_ag_10%_de_ghaeilgeoiri’



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/ymsf3tlb

Contact: irishlingos@gmail.com

Census 2022:

Daonáireamh 2022: 'Gaeilge an-mhaith ag 10 faoin gcéad de Ghaeilgeoirí'.

According to new figures released by the Central Statistics Office, it was revealed in the 2022 Census that 195,029 people spoke Irish very well, which is 10% of Irish speakers.

De réir figiuirí nua atá eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, tugadh le fios i nDaonáireamh 2022 go raibh ‘Gaeilge an-mhaith’ ag 195,029 duine, sin 10 faoin gcéad de chainteoirí Gaeilge.

593,898 people said they had ‘good Irish’, that’s 32% of Irish speakers.

Dúirt 593,898 duine go raibh ‘Gaeilge mhaith’ acu, sin 32 faoin gcéad de chainteoirí Gaeilge.

In that head, 1,034,132 people said they did not speak ‘good Irish’, that is 55% of Irish speakers.

Ina cheann sin, dúirt 1,034,132 duine nach ‘Gaeilge mhaith’ a bhí acu, sin 55 faoin gcéad de chainteoirí Gaeilge.

Almost 1.9 million people indicated in the 2022 Census that they spoke Irish, which is an increase of 112,500 people (6%) from the 2016 Census.

Thug beagnach 1.9 milliún duine le fios i nDaonáireamh 2022 go raibh Gaeilge acu, sin méadú 112,500 duine (6 faoin gcéad ) ó Dhaonáireamh 2016.

The share of Irish speakers in the Gaeltacht continued to decrease, however, from 69% in 2011 to 66% in 2022, it was said.

Lean sciar na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht ag laghdú, áfach, ó 69 faoin gcéad in 2011 go dtí 66 faoin gcéad in 2022, a dúradh.

Australians above all other foreigners in Ireland speak Irish the most – in percentage terms anyway – according to the new figures.

Is iad na hAstrálaigh thar aon eachtrannaigh eile in Éirinn is mó a bhfuil Gaeilge acu – go céatadánach ar aon chuma – de réir na bhfigiuirí nua.

Irish is spoken by 15% of Australian citizens living in the State, that’s 501 people.

Tá Gaeilge ag 15 faoin gcéad de shaoránaigh na hAstráile atá ina gcónaí sa Stát, sin 501 duine.

After that, 13% of Poles and 13% of Latvians speak Irish, that’s 10,838 people and 2,114 people respectively.

Ina ndiaidh sin, tá Gaeilge ag 13 faoin gcéad de Pholannaigh agus ag 13 faoin gcéad de Laitviaigh, sin 10,838 duine agus 2,114 duine faoi seach.

6,685 number of households that completed the Irish version of the census form.

6,685 líon tí a chomhlánaigh an leagan Gaeilge d’fhoirm an daonáirimh.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply