20240509_IRISH_tuilleadh_puball_curtha_suas_le_hais_na_canalach_moire



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2y5fmrd5

Contact: irishlingos@gmail.com

More tents put up along the Grand Canal.

Tuilleadh puball curtha suas le hais na Canálach Móire.

It is now counted that 100 tents have been put up by international asylum seekers along the Grand Canal in the center of Dublin since the beginning of last weekend.

Áirítear anois gur 100 puball atá curtha suas ag iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta le hais na Canálach Móire i lár Bhaile Átha Cliath ó thús an deireadh seachtaine seo caite.

The number of tents between Mount Street Bridge and Huband Bridge has been increasing since last Friday, two days after the authorities cleared tents that had been set up outside the International Protection Office a few hundred meters up the road. way.

Tá líon na bpuball idir Droichead Shráid an Mhóta agus Droichead Huband ag dul i méid ón Aoine seo caite, dhá lá tar éis do na húdaráis pubaill a bhí curtha suas taobh amuigh den Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta cúpla céad méadar suas an bóthar a ghlanadh as an mbealach.

The asylum seekers who were living in those tents on Lower Mount Street were transferred to an indoor center in the West of the City and to specially equipped tents on a site in Knock Slinne in the south west of County Dublin.

Aistríodh na hiarrthóirí tearmainn a bhí ina gcónaí sna pubaill sin ar Shráid an Mhóta Íochtarach go dtí ionad faoi dhíon in Iarthar na Cathrach agus go dtí pubaill shainchóirithe ar shuíomh i gCnoc Slinne in iardheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.

However, 1,710 men who entered the State since last Christmas and sought asylum in Ireland are still waiting to receive accommodation from the State.

Mar sin féin, tá 1,710 fear a tháinig isteach sa Stát ón Nollaig seo caite agus a d’iarr tearmann in Éirinn, tá siad fós ag fanacht le lóistín a fháil ón Stát.

Among them are 150 men who came to Ireland for a week.

Tá 150 fear a tháinig go hÉirinn le seachtain ina measc.

Yesterday, Taoiseach Simon Harris revealed that various agencies were coming together to tackle the situation.

Inné, thug an Taoiseach Simon Harris le fios go raibh gníomhaireachtaí éagsúla ag teacht le chéile le dul i ngleic leis an scéal.

He said that people would not be allowed to stay in tents alongside the Grand Canal as they had done for months on Lower Mount Street.

Dúirt sé nach ligfí do dhaoine fanacht i bpubaill taobh leis an gCanáil Mhór mar a rinne siad ar feadh na míonna ar Shráid an Mhóta Íochtarach.

Local people want the Government to locate the Office of International Protection outside Dublin city centre.

Tá daoine áitiúla ag iarraidh ar an Rialtas an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta a lonnú taobh amuigh de lár Bhaile Átha Cliath.

According to them, it is clear that the office cannot handle the large number of people who are coming to the place, despite the appropriate facilities.

Dar leo gur léir nach féidir leis an oifig an líon mór daoine atá ag teacht chun na háite a láimhseáil, de cheal na saoráidí cuí.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply