20240502_IRISH_dideanaithe_shraid_an_mhota_bogtha,_campa_glanta_as_an_mbealach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ykavbpbt

Contact: irishlingos@gmail.com

Mount Street refugees moved, camp cleared out of the way.

Dídeanaithe Shráid an Mhóta bogtha, campa glanta as an mbealach.

International asylum seekers who were living in small tents in the center of Dublin have been transferred to an indoor center in the West of the City and to specially equipped tents on a site in Knock Slinne in the south west of the county.

Tá iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta a bhí ag cur fúthu i bpubaill bheaga i lár Bhaile Átha Cliath aistrithe go dtí ionad faoi dhíon in Iarthar na Cathrach agus go dtí pubaill shainchóirithe ar shuíomh i gCnoc Slinne in iardheisceart an chontae.

The asylum seekers had set up a subcamp outside the International Protection Office on Lower Mount Street but they had no facilities at all.

Bhí foschampa bunaithe ag na hiarrthóirí tearmainn taobh amuigh den Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach ach ní raibh saoráidí dá laghad acu ann.

The living conditions in the camp were getting worse all the time and all kinds of dirt was accumulating in the place.

Bhí na coinníollacha maireachtála sa champa ag dul chun donachta an t-am ar fad agus bhí gach cineál salachair á charnadh san áit.

On the path in front of the building, around it and behind it, the refugees had pitched their tents.

Ar an gcosán os comhair an fhoirgnimh, thart timpeall air agus taobh thiar de a bhí na pubaill curtha suas ag na dídeanaithe.

This morning, workers moved the tents out of the way, the street was cleared and the refugees were taken on buses to the residential centers in West City and Knock Slinne.

Ar maidin inniu, chuir oibrithe na pubaill as an mbealach, glanadh an tsráid agus tugadh na dídeanaithe ar bhusanna go dtí na hionaid chónaithe in Iarthar na Cathrach agus i gCnoc Slinne.

In that end, a temporary fence and plastic bollards were put up so that a camp cannot be established there again.

Ina cheann sin, cuireadh fál sealadach agus mullaird phlaisteacha suas ionas nach féidir campa a bhunú ann arís.

The Department of Integration, the Department of Justice, the Garda Síochána, Dublin City Council, the Office of Public Works and the Health Service Executive, these different agencies were responsible for the different parts of the work.

An Roinn Lánpháirtíochta, an Roinn Dlí agus Cirt, an Garda Síochána, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Oifig na nOibreacha Poilbí agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, is iad na gníomhaireachtaí éagsúla sin a bhí freagrach as na codanna éagsúla den obair.

The authorities have already tried to move asylum seekers from Mount Street.

Rinne na húdaráis iarracht cheana iarrthóirí tearmainn a bhogadh ó Shráid an Mhóta.

150 of them were taken to the site in Knockslinne in March but some returned to the camp on Mount Street the same day.

Tugadh 150 acu go dtí an suíomh i gCnoc Slinne i mí an Mhárta ach d’fhill cuid acu ar an gcampa ar Shráid an Mhóta an lá céanna.

Despite all facilities being available there, they said that Slinne Hill was too remote.

In ainneoin gach saoráid a bheith ar fáil ann, dúirt siad go raibh Cnoc Slinne ró-iargúlta.

Integration Minister Roderic O’Gorman also confirmed today that asylum seekers are now living in the River Lodge, or Fighter’s House, in Ballykennedigh in Co Wicklow.

Dhearbhaigh an tAire Lánpháirtíochta Roderic O’Gorman inniu freisin go bhfuil iarrthóirí tearmainn ina gcónaí anois i Lóiste na hAbhann, nó Teach Trodair, i mBaile an Chinnéidigh i gCo Chill Mhantáin.

Clashes took place outside that center during a protest last week.

Tharla scliúchais taobh amuigh den ionad sin le linn agóid a bhí ann an tseachtain seo caite.

RTÉ News and Current Affairs Tents being cleared out of the way on Lower Mount Street this morning

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Pubaill á nglanadh as an mbealach ar Shráid an Mhóta Íochtarach ar maidin inniu

Leave a Reply