20210928_IRISH_a_achomharc_caillte_ag_hutch_i_gcoinne_a_eiseachadta_go_heirinn



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yeah6ftn

Hutch lost his appeal against his extradition to Ireland.

A achomharc caillte ag Hutch i gcoinne a eiseachadta go hÉirinn.

Gerard Hutch, better known as the ‘Monk’, has lost his appeal against his extradition to Ireland.

Tá a achomharc i gcoinne a eiseachadta go hÉirinn caillte ag Gerard Hutch, nó an ‘Monk’ mar is fearr aithne air.

Three judges at a Spanish National Court ruled in the evening that the European Arrest Warrant awarded to Hutch in August stands.

Rialaigh triúr breithiúna i gCúirt Náisiúnta sa Spáinn tráthnóna go seasann an Barántas Gabhála Eorpaigh a bronnadh ar Hutch i mí Lúnasa.

It was at that time that police arrested the ‘Monk’ in the town of Fuengirola on the Costa Del Sol.

Ba ag an tráth sin a ghabh póilíni an ‘Monk’ i mbaile Fuengirola ar an Costa Del Sol.

Gardaí are seeking the extradition of Hutch (57) as he is being questioned about the murder of criminal David Byrne (34) at the Regency hotel in Dublin in February 2016.

Tá na gardaí ag iarraidh go n-eiseachadfaí Hutch (57) mar go bhfuiltear ag iarraidh é a cheistiú faoi dhúnmharú an choirpigh David Byrne (34) in óstán an Regency i mBaile Átha Cliath i bhFeabhra na bliana 2016.

David Byrne, the criminal killed in the raid on the Regency hotel in 2016 The State here also wants Hutch to be tried in the Special Criminal Court, if there is enough evidence to do so.

David Byrne, an coirpeach a maraíodh sa ruathar ar óstán an Regency i 2016 Teastaíonn ón Stát anseo freisin go gcuirfí Hutch ar a thriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta, má tá dóthain fianaise ann le sin a dhéanamh.

However, if Hutch is convicted, he will be allowed to return to Spain to serve his prison term.

Má chiontaítear Hutch áfach, beidh cead aige filleadh ar an Spáinn lena thréimhse príosunachta a chur isteach.

Gerard Hutch has residency status in Spain, and authorities then say he pays his taxes in Spain in his own name.

Tá stádas cónaitheach sa Spáinn ag Gerard Hutch, agus deir na húdaráis ansin go n-íocann sé a chuid cánach sa Spáinn ina ainm féin.

One Reply to “20210928_IRISH_a_achomharc_caillte_ag_hutch_i_gcoinne_a_eiseachadta_go_heirinn”

Leave a Reply