20240429_IRISH_cruinniu_idir_mcentee_agus_cleverley_curtha_ar_athla



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2dovgenf

Contact: irishlingos@gmail.com

Meeting between McEntee and Cleverley postponed.

Cruinniú idir McEntee agus Cleverley curtha ar athlá.

A planned meeting between Justice Minister Helen McEntee and British Home Affairs Secretary James Cleverly has been postponed.

Tá cruinniú a bhí beartaithe idir an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee agus Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine James Cleverly curtha ar athlá.

The two were to discuss the controversy about asylum seekers coming to Ireland from Britain but it is said that James Cleverly is busy with other affairs today.

Bhí an bheirt leis an gconspóid faoi iarrthóirí tearmainn ag teacht go hÉirinn ón mBreatain a phlé ach deirtear go bhfuil James Cleverly gafa ag gnóthaí eile inniu.

The Department of Justice has confirmed that the two will discuss the matter again soon.

Tá sé dearbhaithe ag an an Roinn Dlí agus Cirt go bpléifidh an bheirt an scéal arís go luath.

The story relates to the concern of the Irish Government that more immigrants have been coming into the State from Northern Ireland for some time because they fear that they will be deported from the United Kingdom.

Baineann an scéal leis an imní atá ar Rialtas na hÉireann go bhfuil níos mó inimirceach ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann le tamall mar go bhfuil faitíos orthu go ndíbreofar as an Ríocht Aontaithe iad.

Legislation was passed in Britain last week under which asylum seekers can be deported from the country and sent to Rwanda in eastern Africa.

Ritheadh reachtaíocht sa Bhreatain an tseachtain seo caite faoinar féidir iarrthóirí tearmainn a dhíbirt as an tír agus a gcur go Ruanda in oirthear na hAfraice.

The aim of the legislation is to prevent migrants from arriving in Britain in small boats from France.

Is é is aidhm don reachtaíocht imircigh a chur ó theacht chun na Breataine i mbáid bheaga ón bhFrainc.

Minister McEntee revealed last week that there had been an increase of over 80% in the number of migrants coming into the State from Northern Ireland and the British Prime Minister claimed that this showed that the new legislation although it had not yet been implemented.

Thug an tAire McEntee le fios an tseachtain seo caite go raibh ardú os cionn 80 faoin gcéad tagtha ar an líon imirceach a bhí ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann agus mhaigh Príomh-Aire na Breataine gur léirigh sé sin go raibh rath cheana féin ar an reachtaíocht nua cé nach raibh sé curtha i bhfeidhm fós.

In light of this crime in British immigration policy, the Irish Government is considering introducing legislation that would allow asylum seekers who have landed in Britain to be sent back there.

I bhfianaise an choir seo i bpolasaí inimirce na Breataine, tá Rialtas na hÉireann ag breathnú ar reachtaíocht a thabhairt isteach faoina gceadófaí iarrthóirí tearmainn a tháinig i dtír sa Bhreatain a chur ar ais ann.

Yesterday, Taoiseach Simon Harris said that Ireland would not provide a loophole for other countries struggling with the issue of immigration.

Inné, dúirt an Taoiseach Simon Harris nach gcuirfeadh Éire bealach éalaithe ar fáil do thíortha eile atá ag streachailt le ceist na hinimirce.

It is understood that Helen McEntee and James Cleverly are to discuss the Common Travel Area between Ireland and the United Kingdom with a view to “strengthening” it.

Tuigtear go bhfuil Helen McEntee agus James Cleverly chun an Comhlimistéár Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a phlé le súil é a “neartú”.

According to that agreement, citizens of Ireland and the United Kingdom are allowed to travel without restriction between the two countries.

De réir an chomhaontaithe sin, tá cead ag saoránaigh na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe taisteal gan srian idir an dá thír.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply