20231221_IRISH_lear_mor_cocaoin_faighte_ar_lastlong_i_gcalafort_fhainge



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/ywxdm3ha

Contact: irishlingos@gmail.com

A large haul of cocaine found on a cargo ship in the port of Fainge.

Lear mór cócaoin faighte ar lastlong i gcalafort Fhainge.

Customs officers have found a large quantity of cocaine on a cargo ship which had arrived at the port of Fainge in Co Limerick.

Tá lear mór cócaoin faighte ag oifigigh chustaim ar lastlong a bhí tagtha le cé i gcalafort Fhainge i gCo Luimnigh.

The 300 kilograms of the drug contained in one bale and to which a buoy and beacon were attached are estimated to be worth €20 million.

Meastar luach €20 milliún a bheith sna 300 cileagram den druga a bhí in aon bhurla amháin agus a raibh baoi agus rabhchán ceangailte de.

It is thought that the cargo was going to be thrown overboard somewhere and that someone was going to come in front of it and take it out of the water.

Ceaptar go rabhthas leis an lasta a chaitheamh thar bord in áit éigin agus go raibh dream éigin le teacht faoina chomhair agus a thógáil as an uisce.

The ship has been impounded in Faing and is still to be combed in detail for fear that more drugs may be hidden in quagmires throughout.

Tá an long gaibhnithe i bhFaing agus tá sí lena cíoradh go mion fós ar fhaitíos go mbeadh tuilleadh drugaí i bhfolach i gcaochóga ar a fud.

Both local Gardaí and Gardaí from national units are now involved in the investigation.

Tá idir Ghardaí áitiúla agus Ghardaí ó aonaid náisiúnta páirteach san fhiosrúchán anois.

They are questioning the ship’s crew but so far no one has been arrested.

Tá criú na loinge le ceistiú acu ach níl aon duine gafa go dtí seo.

Last September, 2.2 tonnes of cocoon worth €157 million was found on the cargo ship MV Matthew off the coast of Cork.

Meán Fómhair seo caite, fuarthas 2.2 tonna de chócaon a raibh luach €157 milliún ann ar lastlong an MV Matthew amach ó chósta Chorcaí.

It was the largest haul of drugs by weight ever found in the State.

B’in an lear drugaí ba mhó de réir meáchain a fuarthas riamh sa Stát.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply