20240505_IRISH_os_cionn_400_pairteach_i_ras_bothair_inis_’iron’_meain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/3yoklgps

Contact: irishlingos@gmail.com

Over 400 participants in the Ennis road race

Os cionn 400 páirteach i rás bóthair Inis 'Iron' Meáin.

News Over 400 people took it from the tires today in Ennis Meáin in the Galway bay, in the road race known as Ennis Iron Meáin.

Nuacht Thug os cionn 400 duine as na boinn é inniu in Inis Meáin i gcuan na Gaillimhe, sa rás bóthair ar a dtugtar Inis Iron Meáin.

This is the twentieth year the race has been running and the twelve kilometer race course attracts runners from all over.

Seo an fichiú bliain an rás ar bun agus meallann cúrsa an ráis dhá chiliméadar déag reathaithe as gach uile chearn.

The race was originally organized to raise money for the island’s secondary school, Saint John’s College.

Eagraíodh an rás ar dtús chun airgead a bhailiú do mheánscoil an oileáin, Coláiste Naomh Eoin.

The organizers of the event claim that Inis Iron Meáin is the first ever road race of its kind on the Irish islands and that other communities have since emulated them with similar races.

Maíonn lucht eagraithe na hócáide gurb é Inis Iron Meáin an chéad rás bóthair dá chineál ariamh ar oileáin na hÉireann agus go ndearna pobail eile aithris orthu ó shin le rásaí dá macasamhail.

The organizing committee of the race always manages to attract well-known people to be at the head of the course.

Éiríonn le coiste eagraithe an ráis daoine aitheanta a mhealladh i gcónaí le bheith ar cheann an chúrsa.

Today it was Galway Mayor Eddie Hoare who hit the starting bell outside Naomh Eoin’s Secondary School on the island in the company of Galway Rose Deirdre Ní Cheoinín.

Inniu ba é Méara Chathair na Gaillimhe Eddie Hoare a bhuail an bonnán tosaithe taobh amuigh de Mheánscoil Naomh Eoin ar an oileán i gcuideachta Rós na Gaillimhe Deirdre Ní Cheoinín.

Connacht full-back Tiernan O’Halloran, who announced this week that he was retiring from the game professionally, was among the more than 400 runners who made it out.

Bhí lánchúlaí fhoireann Chonnacht Tiernan O’Halloran, a d’fhógair an tseachtain seo go raibh sé ag éirí as an gcluiche go gairmiúil, i measc an bhreis is 400 reathaí a thug as na boinn é.

People were present from as far afield as Sweden and Austria.

Bhí daoine i láthair as áiteanna chomh fada i gcéin leis an tSualainn agus an Ostair.

A number of Irish people returned from abroad for the Bank Holiday weekend to join their families.

D’fhill roinnt Éireannach ó thar lear don deireadh seachtaine Saoire Bainc le bheith páirteach lena dteaghlach.

Among them was Colin Frost from Castlebar but who lives in London and came back to Ennismean for the third year in a row.

Orthu sin bhí Colin Frost as Caisleán an Bharraigh ach atá ina chónaí i Londain agus tháinig arais go hInis Meáin den triú bliain as a chéile.

His father and brother were involved today as well.

Bhí a athair agus dheartháir páirteach inniu chomh maith.

Méabh Kealy, who is still in primary school, was one of the youngest competitors who took part in the 5 kilometer race today.

Bhí Méabh Kealy, atá go fóill sa bhunscoil ar dhuine de na h- iomaitheoirí ab óige a ghlac páirt sa rás 5 ciliméadar inniu.

Ennis Meáin is particularly important to her family because it is where her parents Eithne and Gerry met – at the Ennis Iron Meáin road race! Méabh told Nuacht RTÉ today that her parents return to the island every year since then to take part and that she loves that she can now run out with them! The brothers Ciarán, Colm and Alan Breathnach from Ballymun were in Dublin today as well.

Tá tábhacht ar leith ag baint le hInis Meáin dá teaghlach mar gur ann a casadh a tuismitheoirí Eithne agus Gerry ar a chéile – ag rás bóthair Inis Iron Meáin! Dúirt Méabh le Nuacht RTÉ inniu go bhfilleann a tuismitheoirí ar an oileán gach bliain ó shin i leith le bheith páirteach agus gur breá léi go mbíonn sise anois ábalta rith amach ina dteannta! Bhí na deartháireacha Ciarán, Colm agus Alan Breathnach as Baile Munna i mBaile Átha Cliath ansin inniu chomh maith.

They have been coming to Ennismean for a long time and this is the first race they run every year.

Tá siad ag teacht go hInis Meáin le fada agus is é seo an chéad rás a ritheann siad gach bliain.

Alan can claim to be the oldest of the three and despite that he managed to run a faster race time than his two brothers! Runners are very popular with the 10 kilometer and 12 kilometer races which take them through some of the most scenic and picturesque places on the island – from the uninhabited south of the island, through the area known as ‘Carcar’ ‘ and down a steep slope along the quay at An Chóra.

Tá sé le maíomh ag Alan gurb é is sine den triúr agus ainneoin sin gur éirigh leis am rás a rith níos gaiste ná a bheirt dheartháir! Tá tóir mhór ag reathaithe ar na rásaí 10 ciliméadar agus 12 ciliméadar a thugann tríd chuid de na háiteanna is sciamhaí agus is suaithinsí ar an oileáin iad – ó dheisceart an oileáin áit nach bhfuil cónaí ar bith, fríd an cheantar ar a dtugtar an ‘Carcair’ agus síos fána ghéar fhad leis an ché ag An Chóra.

From there the competitors of the 12 kilometer race must follow the signs down to the dunes and on to Tra Leitre and Cairn Gannimh, and from there up through the island’s beautiful meadows and parks along their stone walls.

As sin caithfidh iomaitheoirí an rása 12 ciliméadar na comharthaí a leanacht síos chuig na dumhcha agus ar aghaidh go Trá Leitreach agus Ceann Gainnimh, agus as sin aníos fríd bhuailí agus pháirceanna gleoite an oileáin fána gcuid ballaí cloch.

The principal of Coláiste Naomh Eoin, Mairéad Ní Fátharta, says that people often ask why the English word ‘iron’ is in the name of the race.

Deir príomhoide Choláiste Naomh Eoin, Mairéad Ní Fhátharta gur minic a fhiafraíonn daoine cad chuige a bhfuil an focal Béarla ‘iron’ in ainm an rása.

“It’s an extremely tough race that takes place over a great variety of terrain.

“Is rás thar a bheith dian é a ghabhann thar an-éagsúlacht talaimh.

If you ask me why the word ‘iron’ is in the name, I promise you won’t have to ask again by the time you’ve run the race!” The winner of this year’s 12km race was Rodhlann Mossap from Dublin. – in 43:21; John Leahy was next with a time of 44:23 and Mike O’Connor was third with a time of 46:51.

Má chuireann tú ceist orm cén fáth a bhfuil an focal ‘iarann’ san ainm, geallaim nach mbeidh ort a fhiafraí arís faoin am a mbeidh an rás rite agat!” Ba é Rodhlann Mossap as Baile Átha Cliath a bhuaigh rás 12 cileaméadar na bliana seo – taobh istigh de 43:21; bhí John Leahy ina dhiaidh le am de 44:23 agus Mike O’Connor sa tríú háit le ham de 46:51.

Leave a Reply