20210105_IRISH_09_23



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y6c62cp5

‘Schools will be decided tomorrow’ – Donnelly.

Arú amárach a dhéanfar cinneadh faoi scoileanna-Donnelly.

Health Minister Stephen Donnelly said a decision on the opening of schools after the holidays will be made tomorrow.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly gur arú amárach a dhéanfar cinneadh faoi oscailt scoileanna tar éis an tsaoire.

He was speaking on the RTÉ radio program ‘News at 1’.

Bhí sé ag labhairt ar an gclár raidió le RTÉ News at 1.

In an interview with presenter Bryan Dobson, he said he understood that the public needed clarity in this regard, but that the Government had not yet received any expert recommendation on keeping schools closed from 11 January.

In agallamh leis an láithreoir Bryan Dobson, dúirt sé gur thuig sé go raibh soiléireacht ag teastáil ón bpobal ina leith seo, ach nach raibh aon mholadh faighte fós ag an Rialtas ó shaineolaithe i dtaca le scoileanna a choinneáil dúnta ón 11 Eanáir.

A Government subcommittee on Covid is meeting tomorrow.

Tá fo-choiste Rialtais ar Covid i mbun cruinnithe amárach.

This is said to be influential in opening, or keeping, the schools closed.

Deirtear é seo a bheith tioncharach i dtaca leis na scoileanna a oscailt, nó a choinneáil dúnta.

The meeting will be attended by the Taoiseach, An Tánaiste, Green Party Leader Eamon Ryan among other senior ministers and Education Minister Norma Foley is also expected to have her own meeting in the afternoon.

I láthair ag an gcruinniú sin beidh an Taoiseach, An Tánaiste, Ceannaire Chomhaontas Glas Eamon Ryan i measc airí sinsearacha eile agus tá súil freisin leis an Aire Oideachais Norma Foley a bhfuil a cruinniú féin aici tráthnóna.

Ministers are also usually briefed at this meeting by officials from the National Public Health Emergency Team (NPHET) and the Health Service Executive (HSE).

Is gnách freisin go gcuireann feidhmeannaigh ón bhFoireann Éigeandála Náisiúnta ar an tSláinte Phoiblí (NPHET) agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) na hairí ar an eolas ag an gcruinniú seo.

Meeting by Education Minister since 1600 Labor is urging public health executives to carry out a risk assessment of state schools in the next 24 hours before any decision is made to reopen them on 11 January.

Cruinniú ag an Aire Oideachais ón 1600 Tá An Lucht Oibre ag iarraidh ar fheidhmeannaigh na sláinte poiblí measúnú riosca a dhéanamh ar scoileanna an stáit as seo go ceann 24 uair achloig sula ndéantar aon chinneadh iad a oscailt arís ar an 11 Eanáir.

Labor Education Spokesperson Aodhán Ó Ríordáin The Minister for Education is holding an afternoon meeting with the education unions as well as the spokespersons of the various political parties.

Urlabhraí Oideachais an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin Tá an tAire Oideachais i mbun cruinnithe tráthnóna leis na ceardchumainn oideachais chomh maith le hurlabhraithe na bpáirtithe polaitúla éagsúla.

On the other hand, the network of public hospitals is under enormous pressure according to the HSE.

Ar ábhar eile tá gréasán na n-ospidéal phoiblí faoi bhrú ollmhór dar leis an HSE.

70 is the latest official figure for the number of patients in intensive care units (ICUs) in hospitals.

70 an figiúir oifigiúil is deireanaí i dtaca le líon na n-othar in aonaid dianchúraim (ICU) sna hospidéil.

HSE Chief Executive Paul Reid said any non-urgent work in public hospitals would be avoided.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE, Paul Reid go mbeifear ag staonadh ó aon obair nach bhfuil práinn leis sna hospidéil phoiblí.

Vaccination being resolved 3,000 HSE employees not currently functioning because of Covid.

Vacsaín á réiteach 3,000 fostaí HSE nach bhfuil ag feidhmiú faoi láthair toisc Covid.

‘35,000 people will have a vaccine by January 10, ‘Health Minister Donnelly said.

Beidh vacsaín ag 35,000 duine faoi 10 Eanáir, a dúirt an tAire Sláinte Donnelly.

‘We will continue to accelerate the pace of vaccination,’ said the Minister, and ‘those in nursing homes are currently getting the vaccine’.

Beidh muid ag géarú ar an luas i gcónaí i dtaca le vacsainiú a dúirt an tAire, agus tá an vacsaín á fáil acu siúd atá i dtithe altranais faoi láthair.

One Reply to “20210105_IRISH_09_23”

Leave a Reply