20231214_IRISH_an_ucrain,_gaza_le_ple_ag_ceannairi_an_aontais_eorpaigh



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/yrnpa2dt

Contact: irishlingos@gmail.com

Ukraine, Gaza to be discussed by the leaders of the European Union.

An Úcráin, Gaza le plé ag ceannairí an Aontais Eorpaigh.

Taoiseach Leo Varadkar will participate in a summit meeting of the leaders of the European Union in Brussels today and tomorrow where financial support for Ukraine and the crisis in Gaza will be among the major issues that will be discussed there.

Beidh an Taoiseach Leo Varadkar rannpháirteach i gcruinniú mullaigh de cheannairí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil inniu agus amárach a mbeidh tacaíocht airgeadais don Úcráin agus an ghéarchéim in Gaza i measc na mórcheisteanna a bheas faoi chaibidil ann.

The leaders intended to allocate €50 billion in financial aid to Ukraine in order to keep essential services and the economy of that country going for the next four years.

Bhí sé i gceist ag na ceannairí cabhair airgeadais €50 billiún a lamháil don Úcráin le rún seirbhísí riachtanacha agus geilleagar na tíre sin a choinneáil ag imeacht as seo go ceann ceithre bliana.

It was also to be confirmed that the negotiations on the introduction of Ukraine into the European Union would begin soon.

Bhíothas lena dhearbhú freisin go gcuirfí tús gan mhoill leis an idirbheartaíocht faoin Úcráin a thabhairt isteach san Aontas Eorpach.

Hungarian Prime Minister Viktor Orban has indicated, however, that he will veto those two resolutions of the other leaders.

Tá sé tugtha le fios ag Príomh-Aire na hUngáire Viktor Orban, áfach, go gcuirfidh sé cros in aghaidh dhá rún sin na gceannairí eile.

Viktor Orban doesn’t often pull a team and other European Union leaders view him as a loner.

Ní tharraingíonn Viktor Orban le foireann go minic agus breathnaíonn ceannairí eile an Aontais Eorpaigh air mar sheargánach.

In fact, the European Commission is withholding €30 billion in funding going to Hungary because of the ‘sovereign’ policies of that country’s government, if any.

Go deimhin, tá an Coimisiún Eorpach ag coinneáil siar maoiniú €30 billiún atá ag dul don Ungáir mar gheall ar na polasaithe ‘tiarnúla’ atá ag rialtas na tíre sin, má tá.

Even so, as part of the political back and forth before the summit, the European Commission last night approved €10 billion of those €30 billion to be made available to Hungary immediately.

Ina dhiaidh sin féin, mar chuid den anonn is anall polaitiúil roimh an gcruinniú mullaigh, cheadaigh an Coimisiún Eorpach aréir €10 mbilliún de na €30 biilliún sin a chur ar fáil don Ungáir láithreach.

Viktor Orban has been accused by some of the other leaders, however, of blackmailing him.

Tá sé curtha i leith Viktor Orban ag cuid de na ceannairí eile, ámh, gur dúmhál atá ar bun aige.

In relation to Gaza, the Taoiseach and several other leaders will ask for a ceasefire to be implemented there for the sake of humanity.

I dtaca le Gaza, iarrfaidh an Taoiseach agus roinnt ceannairí eile sos comhraic a chur i bhfeidhm ann de ghrá na daonnúlachta.

It is unlikely that this request will be successful, however, since the most powerful member states voted against the same resolution in the United Nations General Assembly last night.

Ní dóichí go mbeidh aon rath ar an iarratas sin, áfach, ó vótáil na ballstáit is cumhachtaí in aghaidh an rúin chéanna i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe arú aréir.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply