20231213_IRISH_margadh_deanta_ag_comhdhail_aeraide_cop28



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/yn62ls2f

Contact: irishlingos@gmail.com

A deal made at the COP28 climate conference.

Margadh déanta ag comhdháil aeráide COP28.

At the COP28 conference in Dubai, a deal has finally been made on fossil fuels in a bid to alleviate the global climate crisis.

Ag comhdháil COP28 in Dubai, tá margadh déanta faoi bhreoslaí iontaise ar deireadh le dúil an ghéarchéim aeráide dhomhanda a mhaolú.

It is not yet clear, however, what the wording of the agreement actually means.

Níl sé soiléir fós, áfach, cad is brí go baileach le foclaíocht an chomhaontaithe.

According to the content of the agreement, it seems that the 200 countries that have accepted have the intention to gradually reduce the amount of fossil fuels they burn, that is, or to give up burning fossil fuels gradually, that again or something in between.

De réir a bhfuil sa chomhaontú, dealraíonn sé go bhfuil rún ag an 200 tír a ghlac leis an méid breoslaí iontaise a dhónn siad a laghdú de réir a chéile, é sin nó éirí as as breoslaí iontaise a dhó de réir a chéile, é sin arís nó rud éigin idir eatarthu.

Nor is it certain what exactly is meant by ‘gradually’.

Níltear cinnte ach an oiread cad is brí go baileach le ‘de réir a chéile’.

However, the Irish delegate, Environment Minister Éamon Ryan, said that he himself believes that ‘gradual reduction’ is the same as ‘gradual withdrawal’.

Ar a shon sin, dúirt toscaire na hÉireann, an tAire Comhshaoil Éamon Ryan, go gcreideann sé féin gurb ionann ‘laghdú de réir a chéile’ agus ‘éirí as de réir a chéile’.

In spite of the ambiguity or ambiguity, it is a new situation to have made such a commitment by the countries of the world.

In ainneoin na débhríochta nó na trébhríochta, is cor nua atá ann gealltanas mar é a bheith tugtha ag tíortha an domhain.

Éamon Ryan indeed said that it is a historic situation since this is the first time in thirty years that the heart of the question has been addressed according to what science has proven.

Dúirt Éamon Ryan go deimhin gur cor stairiúil é ós é seo an chéad uair le tríocha bliain gur tugadh aghaidh ar chroí na ceiste de réir a bhfuil cruthaithe ag an eolaíocht.

According to the COP28 journalist, Sultan Al Jaber, the agreement “lays the foundation for the big change” that is needed.

Dar le huarachtán COP28, Sultan Al Jaber, go gcuireann an comhaontú “bonn faoin athrú mór” a theastaíonn.

What is needed, and urgently needed according to the experts, is that the temperature of the world will not be more than 1.5 degrees Celsius higher than it was before the Industrial Revolution in the eighteenth century.

Is é a theastaíonn, agus a theastaíonn go géar de réir na saineolaithe, nach mbeidh teocht an domhain níos mó ná 1.5 céim Celsius níos airde ná mar a bhí sé roimh an Réabhlóid Thionsclaíoch san ochtú haois déag.

The agreement has been welcomed by various delegates.

Is fáilte áirithe atá curtha roimh an gcomhaontú ag toscairí éagsúla.

According to the delegation of the European Union – of which Éamon Ryan is one – the agreement may be the beginning, the beginning of the end that must be put to the burning of fossil fuels.

Dar le toscaireacht an Aontais Eorpaigh – a bhfuil Éamon Ryan ar dhuine acu – go mb’fhéidir gur tús atá sa chomhaontú, tús an deiridh a chaithfear a chur le breoslaí iontaise a dhó.

The delegate of the United States of America, John Kerry, said that everyone involved in the conference should be happy with the deal that was made, although, in his opinion, it is not without fault.

Dúirt toscaire Stáit Aontaithe Mheiriceá John Kerry gur cheart do gach duine a bhí páirteach sa chomhdháil a bheith sásta leis an margadh a rinneadh, cé nach bhfuil sé gan locht, dar leis.

The alliance of small islands, islands that are at risk of drowning due to climate change, has a great voice on the issue, those who do not have the strongest voice at the conference.

Tá guthaíocht mhór ar an gceist ag comhghuaillíocht na n-oileán beag, oileáin atá i mbaol a mbáite mar gheall ar an athrú aeráide, siúd is nach acu atá an guth is láidre ag an gcomhdháil.

They were deeply afraid that the market would decline and the alliance said that although the final agreement is an improvement on the first draft, they are disappointed, they said, that it promises a gradual change rather than the transformation that is urgently needed.

Bhí faitíos an domhain orthu gur orthu a rachadh meath an mhargaidh agus dúirt an chomhghuaillíocht cé gur feabhas ar an gcéad dréacht atá sa chomhaontú deiridh tá siad díomách, arsa siad, gur athrú de réir a chéile a ghealltar ann seachas an claochlú a ghéartheastaíonn.

Bangladesh is one of the most vulnerable countries in the world due to climate change as almost 75% of the country is below sea level.

Tá an Bhanglaidéis ar cheann de na tíortha is mó ar domhan atá i gcontúirt mar gheall ar an athrú aeráide ó tá beagnach 75 faoin gcéad den tír sin faoi leibhéal na mara.

The Bangladesh delegation said that while they would prefer the agreement to be more ambitious, they could accept it if other countries were to apply.

Dúirt toscaireacht na Banglaidéise cé gurbh fhearr leo an comhaontú a bheith níos uaillmhianaí go bhféadfaidís glacadh leis ach tíortha eile a chur i bhfeidhm.

RTÉ News and Current Affairs COP28: a deal made in Dubai

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ COP28: margadh déanta in Dubai

Leave a Reply