20231122_IRISH_an_dara_ceant_fogartha_do_thuirbini_leictreachais_ar_muir



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ywg2pasg

Contact: irishlingos@gmail.com

Second auction announced for offshore electricity turbines.

An dara ceant fógartha do thuirbíní leictreachais ar muir.

The Government has announced plans for another auction of offshore power generation rights.

Tá an Rialtas tar éis plean a fhógairt do cheant eile ar chearta ginte cumhachta amach ón gcósta.

The first auction was organized at the beginning of the year under which 4 licenses were awarded, 3 on the east coast and one off Connemara.

Tús na bliana a heagraíodh an chéad cheant faoinar bronnadh 4 cheadúnas, 3 cinn ar an gcósta thoir agus ceann amháin amach ó Chonamara.

The German company RWE and their partner in this country Saorgus Energy have been granted permission to generate 824 MegaWatts in the Dublin Area on the Irish Sea.

Bronnadh cead ar an gcuideachta as an nGearmáin RWE agus ar a bpáirtí sa tír seo Saorgus Energy 824 MegaWatt a ghineadh i Réimse Átha Cliath ar Mhuir Éireann.

The French EDF in partnership with Fred Olsen – a company from Norway – was granted permission to generate 1,300 MW east of Wicklow.

Bronnadh cead ar na Francaigh EDF i bpáirt le Fred Olsen – cuideachta as an Iorua – 1,300 MW a ghineadh soir as Cill Mhantáin.

Norway’s Statkraft was granted permission to generate 500 MW north of Dublin.

Bronnadh cead ar na hIoruaigh Statkraft 500 MW a ghineadh amach ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath.

And 450 MW was approved for the company Fuinneamh Sceirde Teo west of Charna in Co Galway.

Agus ceadaíodh 450 MW don chuideachta Fuinneamh Sceirde Teo siar amach ó Charna i gCo na Gaillimhe.

The new auction is focused on the south coast.

Ar an gcósta ó dheas atá an ceant úr dírithe.

Environment Minister Eamon Ryan announced this this afternoon in The Hague in the Netherlands at a meeting of 9 member states in the EU about the generation of energy at sea in northern Europe from now to 2030.

An tAire Comhshaoil Eamon Ryan a d’fhógair an méid sin tráthnóna san Háig san Ísiltír ag cruinniú de 9 gcinn de bhallstáit san AE faoi ghineadh fuinnimh ar muir i dtuaisceart na hEorpa as seo go 2030.

Ireland aims to generate 5 GigaWatt (5,000 MW) from offshore wind by then, and quadruple that to 20 GW (20,000 MW) by 2040.

Tá rún ag Éirinn 5 GigaWatt (5,000 MW) a bheith á ghineadh ón ngaoth amach ón gcósta faoin tráth sin, agus a cheithre oiread, sin 20 GW (20,000 MW) a bheith á chruthú i 2040.

3 MW planned to come from the 4 approved proposals, enough electricity to support 2.5 million households.

3 MW atá beartaithe a theacht ón 4 thogra atá ceadaithe, dóthain leictreachais a choinneodh 2.5 milliún teaghlach.

The auction will start in March next year when a map of the areas where turbines will be allowed to be built on the sea in proposals that could provide 900 MW will be published.

Mí an Mhárta na bliana seo chugainn a thosóidh an ceant nuair a fhoilseofar léarscáil de na limistéir ina mbeidh cead tuirbíní ar an bhfarraige a thógáil i dtograí a bheadh in ann 900 MW a sholáthar.

The licenses are intended to be awarded between February and October 2025.

Tá sé i gceist na ceadúnais a bhronnadh idir mí Feabhra agus mí Dheireadh Fómhair 2025.

Leave a Reply