20231121_IRISH_fss_ag_moladh_vacsaini_covid-19,_fliu_a_fhail_gan_mhoill



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yu8n3qu9

Contact: irishlingos@gmail.com

HSE recommending Covid-19 vaccines, get flu soon.

FSS ag moladh vacsaíní covid 19, fliú a fháil gan mhoill.

The Health Service Executive is appealing for people to get Covid-19 and flu vaccines without delay in anticipation of an outbreak of both diseases this winter.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag achainí ar dhaoine vacsaíní covid 19 agus fliú a fháil gan mhoill ar ionchas go mbeidh ráig den dá ghalar ann an geimhreadh seo.

The HSE is concerned that not enough people have received the vaccines yet.

Tá imní ar FSS nach bhfuil na vacsaíní faighte ag dóthain daoine fós.

It is said that the hospitals are already very crowded with many people with respiratory diseases coming to them, especially children.

Deirtear go bhfuil na hospidéil an-bhroidiúil cheana féin agus go leor daoine le galair riospráide ag teacht chucu, go háirithe leanaí.

In that regard, it seems that the number of cases of influenza was very high in the southern hemisphere during the winter itself this year.

Ina cheann sin, is cosúil go raibh an líon cásanna den fhliú an-ard sa leathsféar theas i gcaitheamh an gheimhridh s’acu féin i mbliana.

People with poor health and people working in the health sector, the HSE recommends that they above all receive both vaccines.

Daoine a bhfuil drochshláinte acu agus daoine atá ag obair san earnáil sláinte, molann FSS dóibhsean thar aon dream eile an dá vacsaín a fháil.

After that, everyone over the age of 50 is recommended to get them.

Ina dhiaidh sin, moltar do gach uile dhuine atá os cionn 50 bliain iad a fháil.

Both vaccines can be received at the same time and it takes about two weeks for them to affect a person.

Is féidir an dá vacsaín a fháil ag an am céanna agus baineann sé tuairim is coicís astu dul i gcion ar dhuine.

Dr Éamonn O’Moore from the HSE said that people should not be complacent about the situation.

Dúirt an Dr Éamonn O’Moore ó FSS nár chóir do dhaoine a bheith réchúiseach faoin scéal.

Already, he said, and with the winter just beginning, people with Covid-19 have been hospitalized.

Cheana féin, arsa sé, agus gan an geimhreadh ach ina thús, tá daoine a bhfuil covid 19 orthu curtha in ospidéil.

Some of them are seriously ill and some are in intensive care, he said.

Tá cuid acu go dona tinn agus tá cuid acusan faoi dhianchúram, a dúirt sé.

Dr O’Moore also pointed out that approximately half of those patients had not received the vaccine.

Thug an Dr O’Moore le fios freisin nach raibh an vacsaín faighte ag tuairim is leath de na hothair sin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply