20231020_IRISH_daoine_sa_deisceart_ag_dul_i_ngleic_le_lorg_na_stoirme



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ylg6rm2t

Contact: irishlingos@gmail.com

People in the south tackling the storm track.

Daoine sa deisceart ag dul i ngleic le lorg na stoirme.

People in east Cork and west Waterford are today dealing with the aftermath of the storm that hit the region yesterday and left many towns and villages under water.

Tá daoine in oirthear Chorcaí agus in iarthar Phort Láirge ag dul i ngleic inniu le lorg na stoirme a bhuail an réigiún inné agus a d’fhág neart bailte agus sráidbhailte faoi uisce.

Although Met Éireann had issued an orange warning yesterday and promised heavy rain, people did not expect the intensity of it.

Cé go raibh fógra flannbhuí eisithe ag Met Éireann inné agus báisteach throm geallta acu, ní raibh aon choinne ag daoine leis an tréine a bhí inti.

It is estimated, in fact, that a month’s rain fell in the course of a day.

Meastar, go deimhin, gur thit báisteach míosa in imeacht lae.

Cork County Council has revealed that over 100 homes and businesses in the east of the county were flooded.

Tá sé tugtha le fios ag Comhairle Contae Chorcaí gur thuil uisce isteach i mbarr ar 100 teach agus gnóthas in oirthear an chontae.

The worst affected areas are Glenmaighir/Bailerosin, Minster Na Corran, White Gate, Clon, Ballyna Martra and Killay.

Is iad na háiteanna is measa a buaileadh Gleann Maighir/Baile Roisín, Mainistir na Corann, an Geata Bán, Cluain, Baile na Martra agus Cill Ia.

The Abbey Community Hospital was badly damaged and there is talk of evacuating patients from the place as a result.

Rinneadh an- damáiste d’Ospidéal Pobail Mhainistir na Corann agus tá caint ar othair a aslonnú ón áit dá dheasca.

There was also flooding in Linn Dubh and the Common Road area of Cork city.

Bhí tuilte freisin sa Linn Dubh agus i gceantar Bhóthar an Choimín i gcathair Chorcaí.

Tánaiste Micheál Martin and Minister Simon Coveney, who are both from Cork, said support would be provided to people in the region under the Government’s Humanitarian Aid Scheme.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin agus an tAire Simon Coveney, arb as Corcaigh iad beirt, go gcuirfí tacaíocht ar fáil do dhaoine sa réigiún faoi Scéim Chúnaimh Dhaonnachta an Rialtais.

Met Éireann has issued a yellow warning regarding the rain that is expected in Co Kerry today.

Tá fógra buí eisithe ag Met Éireann maidir leis an mbáisteach atá geallta i gCo Chiarraí inniu.

It is estimated that there will be cold weather in parts of the county and people are being asked to be very careful when they are driving.

Meastar go mbeidh fuarlaigh in áiteanna sa chontae agus táthar ag achainí ar dhaoine a bheith an-chúramach nuair atá siad ag tiomáint.

The yellow notice will apply between 6 o’clock this evening and 6 o’clock tomorrow evening.

Beidh feidhm leis an bhfógra buí idir 6 a chlog tráthnóna inniu agus 6 a chlog tráthnóna amárach.

A yellow notice has also been issued in the north regarding the rain that is promised in Armagh, Derry, Dun, Fermanagh and Tyrone.

Tá fógra buí eisithe ó thuaidh chomh maith maidir leis an mbáisteach atá geallta in Ard Mhacha, i nDoire, sa Dún, i bhFear Manach agus i dTír Eoghain.

The situation is more serious in parts of Scotland, however.

Is tromchúisí a bheas an scéal in áiteanna in Albain, áfach.

The meteorologists have predicted high wind and “exceptional” rain and believe that life could be at risk as a result, especially in Aberdeenshire and Angus in the east of Scotland.

Tá gaoth mhór agus báisteach “eisceachtúil” tuartha ag na meitéareolaithe thall agus dar leo go bhféadfadh beatha a bheiith i mbaol dá bharr, go háirithe i Siorrachd Obar Dheathain agus in Aonghas in oirthear na hAlban.

People in those places are being advised to stay at home.

Táthar ag comhairliú do dhaoine sna háiteanna sin fanacht sa bhaile.

RTÉ News and Current Affairs Corinth Abbey under water (Pic: Damien Rytel)

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Mainistir na Corann faoi uisce (Pic: Damien Rytel)

Leave a Reply