20230829_IRISH_tuilleadh_eitilti_a_gcur_ar_ceal,_moill_fos_ar_eitilti_eile



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/24sj892k

Contact: irishlingos@gmail.com

More flights being cancelled, more flights delayed.

Tuilleadh eitiltí á gcur ar ceal, moill fós ar eitiltí eile.

More flights are being canceled and other flights in Ireland and across Europe are being delayed again today for the second day in a row.

Tá tuilleadh eitiltí á gcur ar ceal agus tá moill ar eitiltí eile in Éirinn agus ar fud na hEorpa arís inniu den dara lá as a chéile.

Hundreds of flights that normally enter British airspace are affected and thousands of passengers in different countries are affected.

Is iad na céadta eitilt a théann isteach in aerspás na Breataine de ghnáth atá i gceist agus tá na mílte paisinéir i dtíortha éagsúla thíos leis.

A technical fault in the British air traffic control system is the main cause of the situation and all flight trajectories had to be entered manually for several hours yesterday.

Fabht teicniúil i gcóras rialaithe aerthráchta na Breataine is cionsiocair leis an scéal agus b’éigean gach ruthag eitilte a ionchur de láimh ar feadh roinnt uaireanta an chloig inné dá bhíthin.

After the bug was fixed yesterday afternoon, air traffic controllers are still behind schedule.

Tar éis gur réitíodh an fabht tráthnóna inné, tá rialtóirí aerthráchta ar gcúl lena gcuid oibre i gcónaí.

Air traffic controllers in Ireland are working with their counterparts in France today in the hope of putting things right as soon as possible.

Tá rialtóirí aerthráchta in Éirinn ag obair i gcomhar lena gcomhghleacaithe sa Fhrainc inniu le súil cúrsaí a chur ina gceart a luaithe is féidir.

More planes than usual have been allowed to enter the airspace of the two countries to ease the workload of British air traffic controllers.

Tá cead tugtha do níos mó eitleán ná mar is gnách dul isteach in aerspás an dá thír chun an bhroid oibre atá ar rialtóirí aerthráchta na Breataine a mhaolú beagán.

Airlines have apologized to passengers for what happened but said there was no reason to blame.

Tá a bpardún iarrtha ag aerlínte ar phaisinéirí faoinar tharla ach dúirt siad nach raibh aon neart acusan air.

In a statement, Ryanair indicated that 20 of the company’s planes were stranded in various airports yesterday afternoon and that this meant that crews had to put in more hours than allowed.

I ráiteas, thug Ryanair le fios go raibh 20 eitleán de chuid an chomhlachta sáinnithe in aerfoirt éagsúla tráthnóna inné agus gur fhág sé sin go mb’éigean do chriúnna tuilleadh uaireanta an chloig a chur isteach ná mar atá ceadaithe.

Aer Lingus said more flights were likely to be canceled today.

Dúirt Aer Lingus gur dóíchí go gcuirfí tuilleadh eitiltí ar ceal inniu.

Passengers are being advised to check airline websites for the latest news before heading to the airport.

Táthar ag moladh do phaisinéirí suímh ghréasáin aerlínte a cheadú leis an scéal is deireanaí a fháil sula dtugann siad aghaidh ar an aerfort.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply