20230830_IRISH_35_dalta_i_ngaelcholaiste_i_mbaile_atha_cliath_gan_bus_scoile



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2y2vvgzn

Contact: irishlingos@gmail.com

35 students in Gaelcholáiste in Dublin without a school bus.

35 dalta i nGaelcholáiste i mBaile Átha Cliath gan bus scoile.

Around 35 students at Coláiste Glór na Mara in Ballybriggan in north County Dublin have been left without a school bus to take them there.

Tá thart ar 35 dalta i gColáiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath fágtha gan aon bhus scoile lena dtabhairt ann.

The base of the pupils who go to the Gaelcholáiste live in Sord, but there is no school bus service between that area and Ballybriggin.

I Sord atá cónaí ar bhunáite na ndaltaí a théann chuig an nGaelcholáiste ach níl aon tseirbhís bhus scoile idir an ceantar sin agus Baile Brigín.

Bus Éireann says they are seeking offers from bus companies to provide the service but admit they are having difficulties recruiting drivers in around 2% of the country’s school areas.

Deir Bus Éireann go bhfuil tairiscintí á lorg acu ó chomhlachtaí bus chun an tseirbhís a chur ar fáil ach admhaíonn siad go bhfuil deacrachtaí acu tiománaithe a earcú in thart ar 2 faoin gcéad de limistéir scoile na tíre.

There are also two Gaelscoils in Swords, namely, Gaelscoil Bhriain Bóroimhe and Scoil an Duninnîn.

Tá dhá Ghaelscoil i Sord chomh maith, mar atá, Gaelscoil Bhriain Bóroimhe agus Scoil an Duinnínigh.

After the students have completed their primary schooling in these Gaelscoileanna, those who wish to continue learning through Irish have three options.

I ndiaidh do na daltaí a mbunscolaíocht a chríochnú sna Gaelscoileanna sin, tá trí rogha acu siúd ar mian leo leanúint ar aghaidh ag foghlaim trí Ghaeilge.

They can go to Gaelcholáiste Reachrann in Domhnach Míde, Scoil Chaitríona in Glasnaion or Coláiste Ghlór na Mara in Ballybrigín.

Is féidir leo dul chuig Gaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde, Scoil Chaitríona i nGlas Naíon nó Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín.

Coláiste Glór na Mara was established in Ballybriggin in 2014 and because it is 20 kilometers away from Swords, the students are entitled to a school bus.

Bunaíodh Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín in 2014 agus de bhrí go bhfuil sé 20 ciliméadar ar shiúl ó Shord, tá na daltaí i dteideal bus scoile a fháil.

The Gaelic schools in Domhnach Míde and Glas Naíon are closer to Swords but since those two schools are located on the way into the city, many parents in Swords would prefer to send their children to Ballybrigín instead. being stuck in traffic going in the opposite direction every day.

Tá na Gaelcholáistí i nDomhnach Míde agus i nGlas Naíon níos cóngaraí do Shord ach ó tharla go bhfuil an dá scoil sin suite ar an mbealach isteach sa chathair, b’fhearr le go leor tuismitheoirí i Sord a leanaí a chur go Baile Brigín in áit a bheith sáinnithe sa trácht ag dul sa treo eile gach lá.

“Besides the traffic, there is another reason for their decision”, says Maedhbh Daltún, Principal of Coláiste Glór na Mara.

“Seachas an trácht, tá cúis eile lena gcinneadh”, a deir Maedhbh Daltún, Príomhoide Choláiste Ghlór na Mara.

“We are a multi-faith Gaelcholáiste.

“Is Gaelcholáiste ilchreidmheach muid.

Gaelcholáiste Reachrann is an interfaith school and Scoil Chaitríona is a Catholic school.

Is scoil idirchreidmheach í Gaelcholáiste Reachrann agus is Scoil Chaitliceach í Scoil Chaitríona.

Our ethos is very important to many parents.

Tá ár n- éiteas ana-thábhachtach do go leor tuismitheoirí.

“We have 500 students in the school here this year.

“Tá 500 dalta againn sa scoil anseo i mbliana.

35 of them are coming from Swords and from speaking to parents, I’m sure we would have more than that from Swords if there was a proper public transport service between Swords and Ballybriggin.”

Tá 35 acu ag teacht ó Shord agus ó bheith ag labhairt le tuismitheoirí, táim lánchinnte go mbeadh níos mó ná sin againn ó Shord dá mbeadh seirbhís iompair phoiblí cheart idir Sord agus Baile Brigín.”

Jo Fullam has two sons at Coláiste Glór na Mara.

Tá beirt mhac ag Jo Fullam i gColáiste Ghlór na Mara.

“It’s absurd”, she says.

“Tá sé áiféiseach”, a deir sí.

“Today, parents are voting for an ethics option in local schools.

“Sa lá atá inniu ann, bíonn tuismitheoirí ag vótáil ar son rogha éitis i scoileanna áitiúla.

“We were persuaded almost ten years ago to vote for a multi-faith Gaelcholáiste here because we were told that the new secondary school was to serve children from the full Irish primary schools in Swords, in some areas in County Meath and in the south of County Louth.

“Cuireadh ina luí orainne beagnach deich mbliana ó shin vótáil ar son Gaelcholáiste ilchreidmheach anseo mar dúradh linn go raibh an mheánscoil nua le freastal ar leanaí ó na bunscoileanna lán-Ghaeilge i Sord, i gceantair áirithe i gContae na Mí agus i ndeisceart Chontae Lú.

“But what’s the point of having the elegant Gaelcholáiste here in Ballybrigín if we can’t travel to it easily?

“Ach céard is fiú don Ghaelcholáiste galánta a bheith anseo i mBaile Brigín mura féidir linn taisteal chuici go héasca?

“We are spending a lot of money on fuel.

“Tá airgead mór á chaitheamh againn ar bhreosla.

Last year, we paid for a private bus but it became too expensive.

Anuraidh, d’íoc muid as bus príobháideach ach d’éirigh sé róchostasach.

And what about environmental conservation?” Bus Éireann says that they have obtained permission from the Department of Education to provide a bus service and that they are currently seeking tenders from private companies to run it.

Agus céard faoin gcaomhnú comhshaoil?” Deir Bus Éireann go bhfuil cead faighte acu ón Roinn Oideachais seirbhís bus a chur ar fáil agus go bhfuil siad ag lorg tariscintí faoi láthair ó chomhlachtaí príobháideacha chun é a reáchtáil.

The company also says, however, that difficulties have arisen in certain areas in terms of a shortage of drivers.

Deir an comhlacht freisin, áfach, go bhfuil deacrachtaí tagtha chun cinn i gceantair ar leith ó thaobh ganntanas tiománaithe de.

Bus Éireann is going to contact families whose children are of school age and who will not have access to public transport from the beginning of September.

Tá Bus Éireann chun teagmháil a dhéanamh le teaghlaigh ina bhfuil a leanaí in aois scoile agus nach mbeidh fáil acu ar iompar poiblí ó thús mhí Mheán Fómhair.

In some cases, says Bus Éireann, an exceptional grant will be made available to them.

I gcásanna áirithe, a deir Bus Éireann, cuirfear deontas eisceachtúil ar fáil dóibh.

Those at Coláiste Glór na Mara in Ballybrigín say, however, that they have not heard any talk of a grant.

Deir lucht Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín, ámh, nár chuala siad aon chaint ar dheontas.

And even if they heard, wouldn’t it be just another temporary solution?

Agus fiú dá gcloisfídís, nach mbeadh ann ach réiteach sealadach eile?

they said.

arsa siad.

According to them, what is needed is a bus, rather than propaganda.

Dar leo gur bus atá de dhíth, seachas bolscaireacht.

RTÉ News and Current Affairs Coláiste Glór na Mara

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Coláiste Ghlór na Mara

Leave a Reply