20230729_IRISH_iarratas_quirke_ar_atriail_diultaithe_ag_an_gcuirt_uachtarach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/27es7tj2

Contact: irishlingos@gmail.com

Quirke’s request for retrial denied by the Supreme Court.

Iarratas Quirke ar atriail diúltaithe ag an gCúirt Uachtarach.

Co Tipperary farmer Patrick Quirke’s application for a new trial has been rejected by the Supreme Court.

Tá iarratas an fheirmeora as Co Thiobraid Árann, Patrick Quirke, é a chur ar a thriail as an nua diúltaithe ag an gCúirt Uachtarach.

Patrick Quirke, 53, is serving a life sentence for the murder of Bobby Ryan, a well-known disc jockey who went missing for two years before his remains were found in an underground tank in Fánan Gavann in south Tipperary in 2013.

Tá príosún saoil á chur isteach ag Patrick Quirke, 53 bliain, faoi dhúnmharú Bobby Ryan, dioscmharcach aitheanta a bhí ar iarraidh ar feadh dhá bhliain sula bhfuarthas a chuid taisí in umar faoi thalamh i bhFán an Ghabhann i ndeisceart Thiobraid Árann in 2013.

Patrick Quirke hoped that the Supreme Court would accept his request for a retrial in light of the court’s ruling in March that it was unlawful for the Garda Síochána to take his computer from his home and analyze it as part of the case against him.

Bhí súil ag Patrick Quirke go nglacfadh an Chúirt Uachtarach lena iarratas ar atriail i bhfianaise rialú na cúirte i mí an Mhárta go raibh sé neamhdhleathach ag an nGarda Síochána a ríomhaire a thógáil óna theach agus a anailisú mar chuid den chás ina aghaidh.

The court ruled at the time that Patrick Quirke’s privacy rights were breached when the computer was analyzed because the computer was not mentioned in the search warrant served on him by the Gardaí.

Rialaigh an chúirt ag an am gur sáraíodh cearta príobháideachais Patrick Quirke nuair a rinneadh anailís ar an ríomhaire mar nár luadh an ríomhaire sa bharántas cuardaigh a sheirbheáil na Gardaí air.

The Central Criminal Court ruled in the trial of Patrick Quirke in 2019 that it was an oversight, rather than deliberate fraud, not to mention the computer in the search warrant and the Supreme Court made the same ruling today.

Rialaigh an Phríomh-Chúirt Choiriúil i dtriail Patrick Quirke in 2019 gur dearmad a bhí ann, seachas feall d’aon ghnó, gan an ríomhaire a lua sa bharántas cuardaigh agus rinne an Chúirt Uachtarach an rialú céanna inniu.

It was claimed in Patrick Quirke’s trial that Bobby Ryan had an affair with a local woman, Mary Lowry, and that Patrick Quirke was jealous of him.

Maíodh i dtriail Patrick Quirke go raibh caidreamh ag Bobby Ryan le bean áitiúil, Mary Lowry, agus go raibh éad ar Patrick Quirke leis.

Patrick Quirke was said to have previously been in a relationship with Mary Lowry and wanted to re-establish that relationship.

Dúradh go raibh caidreamh ag Patrick Quirke le Mary Lowry roimhe sin agus go raibh uaidh an caidreamh sin a bhunú an athuair.

The tank where Bobby Ryan’s remains were found was on Mary Lowry’s land.

Is ar thalamh Mary Lowry a bhí an t-umar a bhfuarthas taisí Bobby Ryan ann.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply