20230731_IRISH_ballraiocht_i_nato_don_ucrain_le_ple_le_meiricea



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ba3k6j5

Contact: irishlingos@gmail.com

NATO membership for Ukraine to discuss with America.

Ballraíocht i NATO don Úcráin le plé le Meiriceá.

America and Ukraine will discuss that country’s membership in NATO next week, says the Chief of Staff of the Ukrainian Army.

Pléifidh Meiriceá agus an Úcráin ballraíocht na tíre sin i NATO as seo go ceann seachtaine, a deir Ceann Foirne Arm na hÚcráine.

Andriy Yermak indicated that talks would begin this week between leaders in Kyiv and Washington about security guarantees.

Thug Andriy Yermak le fios go dtosódh comhráití an tseachtain seo idir lucht ceannais i Kív agus i Washington faoi bharántais slándála.

He also said that executives from different countries are to meet in Saudi Arabia to discuss President Zelensky’s peace plan – but in which the Russian soldiers would be expelled.

Dúirt sé freisin go bhfuil feidhmeannaigh as tíortha éagsúla le theacht le chéile san Araib Shádach leis an bplean síochána atá ag an Uachtarán Zelensky – ach a mbeadh saighdiúirí na Rúise díbeartha – a phlé.

Andriy Yermak did not mention when that meeting would take place but he said that there would be 3 stages involved in the talks before there would be any mention of a summit.

Níor luaigh Andriy Yermak cén uair a bheadh an cruinniú sin ag tarlú ach dúirt sé go mbeadh 3 chéim i gceist sna cainteanna sula mbeadh aon trácht ar chruinniú mullaigh.

Yesterday it was reported that there was something like this on the barriers when the Wall Street Journal indicated that the first meeting would be held in the city of Jeddah next Saturday and Sunday.

Arú inné a tuairiscíodh go raibh a leithéid ar na bacáin nuair a thug an Wall Street Journal le fios go mbeadh an chéad chruinniú ar bun i gcathair Jeddah Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh seo chugainn.

At the beginning of this month, commitments from the world’s powerful countries were confirmed at the G a 7 meeting at a NATO summit in Lithuania about the security guarantees from Ukraine.

Tús na míosa seo a deimhníodh gealltanais ó thíortha cumhachtacha na cruinne ag teacht le chéile an G a 7 ag cruinniú mullaigh a bhí ag NATO sa Liotuáin faoi na barántais slándála atá ón Úcráin.

“Obligations that will be firm, long-term that will be decided so that Ukraine will be able to overcome the threat of Russia, now and in the future” says the Chief of Staff of the armed forces in Ukraine “and will be decided clearly the structures and support systems that will be required”.

“Dualgais a bheidh daingean, fadtéarmach atá le socrú ionas go mbeidh an Úcráin in ann an lámh in uachtar a fháil ar bhagairt na Rúise, anois agus san am atá le theacht” a deir Ceann Foirne na bhfórsaí armtha san Úcráin “agus socrófar go soiléir na struchtúir agus córais tacaíochta a bheidh ag teastáil”.

The guarantees he says will last “until we have achieved membership in NATO.”

Mairfidh na barántais a deir sé “go mbeidh ballraíocht i NATO bainte amach againn.”

At the NATO meeting in Vilnius, Lithuania, continued support and more ammunition were promised for Ukraine, but it was said that no date would be set for the country’s membership in the armed alliance as long as the war that has been going on for a year and a half continues.

Ag cruinniú NATO i Vilnius na Liotuáine gealladh tacaíocht leanúnach agus breis armlóin don Úcráin, ach dúradh nach mbeadh aon dáta á réiteach do bhallraíocht na tíre san gcomhghuaillíocht armtha an fhad is a mhaireann an chogaíocht atá ar siúl anois le bliain go leith.

Leave a Reply