20230728_IRISH_beirt_deagoiri_eile_gafa_faoin_ionsai_ar_stephen_termini



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/28fh38bc

Contact: irishlingos@gmail.com

Two other teenagers arrested for the attack on Stephen Termini.

Beirt déagóirí eile gafa faoin ionsaí ar Stephen Termini.

Two more teenagers have been arrested this morning in relation to the recent attack on a tourist from the United States in the city of Dublin.

Tá beirt déagóirí eile gafa ó mhaidin maidir leis an ionsaí a rinneadh i gcathair Bhaile Átha Cliath le gairid ar thurasóir óna Stáit Aontaithe.

The two boys, one 15 and the other 16 years old, were brought before the Children’s Court.

Tugadh an bheirt bhuachaillí, duine 15 agus an duine eile 16 bliain d’aois os comhair Chúirt na Leanaí.

They were remanded in custody.

Cuireadh siar faoi choinneáil iad.

He is being questioned at a garda station in north Dublin.

Tá sé á cheistiú i stáisiún gardaí i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Last weekend another teenager was charged over the incident, a 14-year-old boy and he is still in custody.

An deireadh seachtaine seo caite cúisíodh déagóir eile faoin eachtra, buachaill 14 bliain d’aois agus tá seisean fós ar a choimead.

Stephen Termini, the 57-year-old man who was attacked is still receiving medical treatment in a hospital in Dublin.

Tá Stephen Termini, an fear 57 bliain a hionsaíodh faoi chóir leighis i gcónaí in ospidéal i mBaile Átha Cliath.

This brutal incident happened on Talbot Street in the capital more than a week ago.

Tharla an eachtra bhrúidiúil seo ar Shráid Thalbóid sa phríomhchathair breis is seachtain ó shin.

Leave a Reply