20230727_IRISH_an_t-amhranai_sinead_o’connor_tar_eis_bhais



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/26q5yv7u

Contact: irishlingos@gmail.com

The singer Sinéad O

An t-amhránaí Sinéad O'Connor tar éis bháis.

The famous singer Sinéad O’Connor has died at the age of sixteen and two score.

Tá an t-amhránaí cáiliúil Sinéad O’Connor tar éis bháis in aois a sé bliana déag agus dhá scór.

It is not yet known what caused her death.

Níl sé ráite fós cad ba thrúig bháis di.

Sinéad O’Connor was born in Dublin in 1966 and raised in Glenna Caorach in the south of the county.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Sinéad O’Connor i 1966 agus i nGleann na gCaorach i ndeisceart an chontae a tógadh í.

She first rose to fame with the song Mandinka in 1987 from her debut album The Lion and the Cobra and even more fame with Nothing Compares 2 U in 1990.

Bhain sí clú agus cáil amach a chéaduair leis an amhrán Mandinka i 1987 óna céad albam The Lion and the Cobra agus níos mó clú fós le Nothing Compares 2 U i 1990.

In a statement this evening, her family said they were deeply saddened by her death and asked people not to mourn as they cope with their loss.

I ráiteas tráthnóna, dúirt a teaghlach gur mór an phúir a bás agus d’iarr siad ar dhaoine gan coiscriú a chur fúthu agus iad ag dul i ngleic lena mbris.

Sinéad O’Connor recorded a total of ten studio albums during this time.

Thaifead Sinéad O’Connor deich n-albam stiúideo ar fad lena linn.

She was married several times and had four children.

Bhí sí pósta roinnt babhtaí agus bhí ceathrar clainne uirthi.

One of the family, her son Shane, was tragically lost last year.

Cailleadh duine den chlann, a mac Shane, go tragóideach anuraidh.

Sinéad O’Connor was a articulate woman who spoke out on various subjects.

Bean dheisbhéalach ab ea Sinéad O’Connor a labhair amach faoi ábhair éagsúla.

Taoiseach Leo Varadkar said he was sorry to hear the news of Sinéad O’Connor’s death and offered his condolences to her family.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mb’oth leis scéala báis Shinéad O’Connor a chloisteáil agus rinne sé comhbhrón lena teaghlach.

She was a woman whose music was very popular around the world, he said.

Ba bhean í a raibh an-tóir ar fud an domhain ar a cuid ceoil, a dúirt sé.

“On the right hand of God was his soul!” he said.

“Ar dheis Dé go raibh a hanam!” arsa sé.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply