20230723_IRISH_priosun_13_bliain_gearrtha_ar_fhear_faoi_dhunorgain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/29n5wnyd

Contact: irishlingos@gmail.com

Man sentenced to 13 years in prison for manslaughter.

Príosún 13 bliain gearrtha ar fhear faoi dhúnorgain.

At the Central Criminal Court in Cork, a 43-year-old man who killed his mother’s lover in Skibarin almost six years ago was sentenced to fourteen years’ imprisonment – the last of which was suspended.

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i gCorcaigh, gearradh téarma príosúin ceithre bliana déag – an ceann deireanach ar fionraí – ar fhear 43 bliain d’aois a mharaigh leannán a mháthar sa Sciobairín beagnach sé bliana ó shin.

Jonathan Ustic, 51, was killed when Andrew Nash attacked him at the first man’s home in September 2017.

Maraíodh Jonathan Ustic, 51 bliain d’aois, nuair a d’ionsaigh Andrew Nash é i dteach cónaithe an chéad fhir i mí Mheán Fómhair 2017.

Andrew Nash, from Thurles in Co Tipperary, pleaded guilty to manslaughter and told the court today that he was remorseful, ashamed and heartbroken over the killing.

Phléadáil Andrew Nash, as Durlas i gCo Thiobraid Árainn, ciontach i ndúnorgain agus dúirt sé sa chúirt inniu go raibh aiféala, náire an domhain agus ithe croí air faoin marú.

He was initially charged with murder but was ultimately charged with manslaughter.

Cúisíodh i ndúnmharú é ar an gcéad dul síos ach ba dúnorgain a cuireadh ina leith ar deireadh.

He was said to have attacked Jonathan Ustic – who is originally from Corin – because he believed he was abusing his mother.

Dúradh gur ionsaigh sé Jonathan Ustic – ar de bhunadh an Choirn é – mar gur chreid sé go raibh sé ag tabhairt drochíde dá mháthair.

It was also revealed that Andrew Nash had been convicted in the courts 42 times before and that his bad behavior was due to being too drunk.

Tugadh le fios chomh maith gur ciontaíodh Andrew Nash sna cúirteanna 42 uair cheana agus gurbh é a bheith róthugtha don ól ba chionsiocair lena dhrochiompar.

In a victim impact statement, Jonathan Ustic’s daughter Paige Edens said her grief over her father’s killing was indescribable.

I ráiteas tionchair íospartaigh, dúirt iníon Jonathan Ustic Paige Edens nach raibh aon insint ar an mbrón a bhí uirthi faoi mharú a hathar.

RTÉ News and Current Affairs Andrew Nash (centre)

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Andrew Nash (sa lár)

Leave a Reply