20230721_IRISH_turasoir_as_meiricea_an-dona_tinn_tar_eis_d’oganaigh_e_a_ionsai



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2p4lrhby

Contact: irishlingos@gmail.com

A tourist from America very ill after d

Turasóir as Meiriceá an-dona tinn tar éis d'ógánaigh é a ionsaí.

An American tourist is seriously ill in hospital after being attacked by a group of youths on Store Street in central Dublin last night.

Tá turasóir as Meiriceá go han-dona tinn san ospidéal tar éis do scata ógánach é a ionsaí ar Shráid an Stórais i lár Bhaile Átha Cliath aréir.

The 57-year-old man was stopping at a boarding house on Talbod Street and had just left the place when the youths attacked him.

Bhí an fear 57 bliain d’aois ag stopadh i dteach lóistín ar Shráid Thalbóid agus bhí sé díreach tar éis an áit a fhágáil nuair a thug na hógánaigh fogha faoi.

They punched and kicked the man, causing serious injuries to his face and head as a result of the beating.

Thug siad doirne agus buillí coise don fhear, agus bhain drochghortuithe dá éadán agus dá chloigeann de bharr an bhasctha.

Emergency services were called and the man was taken to Beaumont Hospital, where he was placed in the intensive care unit.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála agus tugadh an fear go hOspidéal Beaumont, mar ar cuireadh san aonad dianchúraim é.

It is said that he is in a stable condition but that he will have a difficult day because of what happened to him last night.

Deirtear go bhfuil bail sheasmhach air ach go mbeidh máchail air lena lá de bharr ar bhain dó aréir.

It is understood that the man is from Washington DC and that he often visits Ireland.

Tuigtear gurb as Washington DC an fear agus go dtugann sé cuairt ar Éirinn go minic.

Gardai are at Store Street station appealing for people who were in the area between 10am and 11am last night to come and speak to them.

Tá na Gardaí i stáisiún Shráid an Stórais ag achainí ar dhaoine a bhí sa cheantar sin idir 10 a chlog agus 11 a chlog aréir teacht chun cainte leo.

They are examining images from security cameras as part of their investigation.

Tá íomhánna ó cheamaraí slándála á scrúdú acu mar chuid dá bhfiosrúchán.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply