20230720_IRISH_an_ucrain:_cuairt_gan_choinne_tugtha_ag_an_taoiseach_ar_chiv



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2zk483un

Contact: irishlingos@gmail.com

Ukraine: the Taoiseach paid a surprise visit to Chív.

An Úcráin: cuairt gan choinne tugtha ag an Taoiseach ar Chív.

The Taoiseach Leo Varadkar has paid an unexpected visit to the capital of Ukraine, Kiev, where he had talks with the President of the country Volodymyr Zelensky.

Tá cuairt gan choinne tugtha ag an Taoiseach Leo Varadkar ar phríomhchathair na hÚcráine, Cív, mar a raibh comhráite aige le hUachtarán na tíre Volodymyr Zelensky.

President Zelensky indicated that he had “fruitful” talks with the Taoiseach and said he thanked him for Ireland’s welcome to 87,000 refugees from Ukraine.

Thug an tUachtarán Zelensky le fios gur cainteanna “torthúla” a bhí aige leis an Taoiseach agus dúirt gur ghabh sé buíochas leis as an bhfáilte atá curtha ag Éirinn roimh 87,000 dídeanaí ón Úcráin.

Leo Varadkar praised Volodymyr Zelensky’s “brilliant leadership” since the Russian Army invaded Ukraine a year and a half ago.

Mhol Leo Varadkar “ceannasaíocht iontach” Volodymyr Zelensky ó rinne Arm na Rúise ionradh ar an Úcráin bliain go leith ó shin.

Before the meeting between the two men, the Taoiseach went to the town of Bucha north-west of Chiv, where Russian soldiers killed around 500 civilians in March last year.

Roimh an gcruinniú idir an bheirt fhear, chuaigh an Taoiseach go dtí baile Bucha siar ó thuaidh ó Chív, áit ar mharaigh saighdiúirí Rúiseacha thart ar 500 sibhialtach i mí an Mhárta anuraidh.

He spoke there with the relatives of some of the dead and said that he saw with his own eyes the horror for which the Russians were responsible.

Labhair sé ann le gaolta cuid de na mairbh agus dúirt go bhfaca sé lena shúile cinn an t-uafás a raibh na Rúisigh freagrach as.

He also claimed that it was necessary to ensure that Ukraine would win the war in order to convince other countries that are thinking of invading neighboring countries that the benefit was not worth the trouble.

Mhaígh sé freisin nár mhór a chinntiú go mbeadh an bua ag an Úcráin sa chogadh lena chur ina luí gaidhte ar thíortha eile atá ag cuimhneamh ar ionradh a dhéanamh ar thíortha comharsanachta nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid.

In connection with the war, the authorities in Odesa in the south of Ukraine say that Russian forces carried out an air raid on the port for the second night in a row last night.

I dtaca leis an gcogadh de, deir na húdaráis in Odesa i ndeisceart na hÚcráine gur thug fórsaí Rúiseacha ruathar aeir ar an gcalafort den dara hoíche as a chéile aréir.

It is reported that another port in the region was also hit.

Tuairiscítear gur tugadh amas ar chalafort eile sa réigiún chomh maith.

It is assumed that these attacks are related to Russia’s decision to withdraw from an agreement to send grain from Ukrainian ports to poor countries in Africa and Asia.

Glactar leis go bhfuil baint ag na hionsaithe seo le cinneadh na Rúise tarraingt amach as comhaontú maidir le grán a sheoladh ó chalafoirt na hÚcráine chuig tíortha bochta san Afraic agus san Áise.

The Russians promised that they would take revenge on the Ukrainians for an attack on an important bridge in Crimea yesterday.

Gheall na Rúisigh go n-imreoidís díoltas ar na hÚcránaigh as ionsaí a rinneadh ar dhroichead tábhachtach sa Chrimé arú inné.

The Russians are not only targeting the south of the country.

Ní ar dheisceart na tíre amháin atá na Rúisigh ag díriú a gcuid ruathar.

It is reported that Ukrainian forces in Kyiv managed to launch several missiles well before reaching a target.

Tuairiscítear gur éirigh le fórsaí Úcránacha i gCív roinnt diúracán a chur ó mhaith sular bhain amach sprioc amach.

However, several missiles managed to hit a port and cause damage in places on the key of the city.

Ar a shon sin, d’éirigh le roinnt diúracán port a bhualadh agus damáiste a dhéanamh in áiteanna ar eochair na cathrach.

In other areas, it is a story of a huntsman and a crow as both sides lie to each other about each other’s war exploits.

I gceantair eile, scéal fiaigh agus feannóige atá ann agus an dá thaobh ag bréagnú a chéile faoi ghaiscí cogaidh a chéile.

According to the Russians, the major counter-offensive in the east and south of Ukraine which the Ukrainians started six weeks ago has failed.

Dar leis na Rúisigh go bhfuil teipthe ar an bhfrithionsaí mór in oirthear agus i ndeisceart na hÚcráine ar chuir na hÚcránaigh tús leis sé seachtaine ó shin.

The Russians have also said that they are advancing in the north-east of the country and that they are currently facing the city of Kupiansk which is an important railway junction.

Tá sé ráite ag na Rúisigh freisin go bhfuil siad féin ag dul chun cinn in oirthuaisceart na tíre agus go bhfuil siad ag tabhairt aghaidh faoi láthair ar chathair Kupiansk ar gabhal tábhachtach iarnróid é.

RTÉ News and Current Affairs Taoiseach Leo Varadkar and Ukrainian President Volodymyr Zelensky in Kiev today

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ An Taoiseach Leo Varadkar agus Uachtarán na hUcráine Volodymyr Zelensky i gCív inniu

Leave a Reply