20230719_IRISH_droim_laimhe_don_chas_cuirte_foreigean_baile_i_gcoinne_ryan_giggs



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2mqnoq5c

Contact: irishlingos@gmail.com

Backhand for the domestic violence court case against Ryan Giggs.

Droim láimhe don chás cúirte foréigean baile i gcoinne Ryan Giggs.

The trial of Ryan Giggs (49) due to be repeated before the end of the month on charges of domestic violence has been thrown into the air after the prosecution withdrew.

Tá an triail a bhí le cur an athuair ar Ryan Giggs (49) roimh dheireadh na míosa ar chúisimh faoi fhoréigean baile caite in aer tar éis don ionchúiseamh tarraingt siar.

The former Manchester United and Wales national team footballer was due to go on trial again on July 31 over allegations of abusive and coercive behavior against his ex-partner Kate Greville (39) between August 2017 and November 2020 .

Bhí an tiar-pheileadóir le Manchester United agus foireann náisiúnta na Breataine Bige le cur ar a thriail arís an 31ú Iúil faoi líomhaintí faoi iompar urlámhach agus comhéigneach in aghaidh a iar-pháirtí Kate Greville (39) idir mí Lúnasa 2017 agus mí na Samhna 2020.

He was also accused of “losing control of himself” and pulling her head.

Bhí sé curtha ina leith freisin gur “chaill sé smacht air féin” agus gur tharraing sé iarraidh uirthi lena chloigeann.

He was also accused of attacking Kate Greville’s sister, Emma, with his elbow at his home in Manchester on 1 November 2020.

Cuireadh ina leith chomh maith gur ionsaigh sé deirfiúr le Kate Greville, Emma, lena uillinn ina theach cónaithe i Manchain, an 1ú Samhain 2020.

Ryan Giggs denied all the allegations.

Shéan Ryan Giggs na líomhaintí ar fad.

He was already put on trial – a court case that lasted over a month last Summer – but the jury failed to reach a verdict.

Cuireadh ar a thriail cheana é – cás cúirte a mhair os cionn míosa an Samhradh seo caite – ach theip ar an ngiúiré a theacht ar bhreithiúnas.

A retrial was planned in two weeks’ time but counsel for the State informed the Judge today that Kate Greville was unable to testify again because “the first trial took as much from her as from her sister”.

Bhí ath-triail beartaithe faoi cheann coicíse ach thug abhcóide ar son an Stáit le fios inniu don Bhreitheamh nach raibh ar chumas Kate Greville fianaise a thabhairt arís mar gur “bhain an chéad triail an oiread aisti féin agus as a deirfiúr”.

The Judge then found Ryan Giggs not guilty of the charges.

Thug an Breitheamh ansin breithiúnas neamhchiontach ar Ryan Giggs i leith na gcúiseamh.

After the court case, Giggs’ representation indicated that he is interested in returning to soccer management and coaching.

Tar éis an chás cúirte thug uiríoll Giggs le fios go bhfuil spéis aige tabhairt arís faoin mbainistiú agus cóitseáil sacair.

Leave a Reply