20240424_IRISH_iosraelaigh_tosaithe_ar_fheachtas_ur_fornirt_i_dtuaiscart_gaza



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/28hzobfb

Contact: irishlingos@gmail.com

Israelis have started a new campaign of force in northern Gaza.

Iosraelaigh tosaithe ar fheachtas úr fornirt i dtuaiscart Gaza.

It appears that Israeli military forces have begun a fresh campaign of violence in Gaza after they heavily bombarded various parts of the Palestinian enclave yesterday.

Dealraíonn sé go bhfuil fórsaí míleata Iosrael tosaithe ar fheachtas úr foréigin in Gaza tar éis dóibh áiteanna éagsúla ar fud na hiamhchríche Palaistíní a bhombardú go trom inné.

In that, the Israeli Army ordered civilians in four places in the city of Beit Lahiya in northern Gaza to leave their homes again because they were “in a dangerous war zone”.

Ina cheann sin, d’ordaigh Arm Iosrael do shibhialtaigh i gceithre áit i gcathair Beit Lahiya i dtuaisceart Gaza imeacht as a n-áitribh an athuair mar go raibh siad “i gceantar cogaíochta contúirteach”.

The Israelis had previously pulled troops out of northern Gaza after, they said, defeating Hamas militants.

Bhí saighdiúirí tarraingthe amach as tuaisceart Gaza ag na hIosraelaigh roimhe seo tar éis dóibh, a dúirt siad, an ruaig a chur ar lucht airm Hamas.

In a statement, the Israeli Army said it intended to “confront – with the utmost force – terrorist infrastructure and insurgent gangs” in the area.

I ráiteas, dúirt Arm Iosrael go raibh rún acu “aghaidh a thabhairt – le teann fornirt – ar bhonneagar sceimhlitheoireachta agus ar bhuíonta ceannairceach” sa cheantar.

The statement also claimed that “the Israeli Army abides by international law and does its best to mitigate the harm caused to civilians (in war)”.

Maíodh sa ráiteas freisin “go gcloíonn Arm Iosrael leis an dlí idirnáisiúnta agus go ndéanann siad a ndícheall leis an díobháil a dhéantar do shibhialtaigh (i gcogadh) a mhaolú”.

In addition to the fresh campaign in northern Gaza, Israeli forces reportedly fired missiles from jet planes and shells from tanks at centers in central and southern Gaza yesterday.

Chomh maith leis an bhfeachtas úr i dtuaisceart Gaza, tuairiscítear gur scaoil fórsaí Iosrael diúracáin ó scairdeitleáin agus sliogáin ó thancanna le hionaid i lár agus i ndeisceart Gaza inné.

According to people in those places the bombardment lasted almost twenty-four hours.

Dar le daoine sna háiteanna sin gur mhair an bombardú beagnach ceithre huaire is fiche.

It is also reported that no one was injured when the Palestinian Islamic Jihad group fired a rocket salvo from northern Gaza at two towns in southern Israel.

Tuairiscítear freisin nár gortaíodh aon duine nuair a scaoil an grúpa Jiohád Ioslamach na Palaistíne sailbhe roicéad as tuaisceart Gaza le dhá bhaile i ndeisceart Iosrael.

Since the failure of talks held by international diplomats in Qatar and Egypt there is no more talk of a ceasefire in Gaza.

Ó theip ar chainteanna a reáchtáil taidhleoirí idirnáisiúinta i gCatar agus san Éigipt níl aon chaint níos mó ar shos comhraic in Gaza.

It is indeed believed that the Israelis are preparing for a major invasion of the city of Rafah in the southern Gaza Strip after international leaders have asked them not to go ahead with it.

Creidtear go deimhin go bhfuil na hIosraelaigh ag téisclim i gcomhair mórionradh a dhéanamh ar chathair Rafah i bhfíordheisceart Gaza tar éis go bhfuil iarrtha ag ceannairí idirnáisiúnta orthu gan dul ar aghaidh leis.

Over 34,000 people have been killed and 77,000 people have been injured in Gaza since the Israelis started waging war on the place six and a half months ago.

Áirítear os cionn 34,000 duine a bheith maraithe agus 77,000 duine a bheith gortaithe in Gaza ó thosaigh na hIosraelaigh ag cur cogadh ar an áit sé mhí go leith ó shin.

That is without taking into account the bodies hidden by the debris of the buildings demolished by the bombing.

É sin gan na coirp atá folaithe ag smionagar na bhfoirgneamh a leagadh de bharr na buamála a chur san áireamh.

RTÉ News and Current Affairs Palestinian refugees being deported again by Israeli forces, Beit Lahiya, 20 April 2024

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Dídeanaithe Palaistíneacha á ndíbirt an athuair ag fórsaí Iosrael, Beit Lahiya, 20 Aibreán 2024

Leave a Reply