20230422_IRISH_meadu_gach_bliain_ar_amfhreagartha_otharcharr_o_bhi_2019_ann



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2bg4gw7s

Contact: irishlingos@gmail.com

Ambulance response times have increased every year since 2019.

Méadú gach bliain ar amfhreagartha otharcharr ó bhí 2019 ann.

Emergency ambulance responses in life-threatening situations have increased every year since 2019, according to new figures published by the National Ambulance Service.

Tá méadú tagtha gach bliain ó bhí 2019 ann ar amfhreagartha otharcharr i gcásanna ina bhfuil an t-othar i mbaol báis, de réir figiúirí nua atá foilsithe ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr.

Last year, patients in Category 1 – that is, patients at risk of death – waited, on average, for 26 minutes for an ambulance.

Anuraidh, bhí othair i gCatagóir 1 – is é sin, othair atá i mbaol báis – ag fanacht, ar an meán, ar feadh 26 noiméad ar otharcharr.

In the west of the country last year, one person in that category waited for 22 hours.

In iarthar na tíre anuraidh, bhí duine amháin sa gcatagóir sin ag fanacht ar feadh 22 uair.

And at the beginning of 2023, someone in the south of the country was waiting thirteen hours.

Agus ag tús 2023, bhí duine i ndeisceart na tíre ag fanacht trí huaire déag.

Newly published figures show that 890 people died last year while waiting for an ambulance – 294 in Leinster; 306 people in the south of the country and 290 people in the west of the country.

Léirítear sna figiúirí nuafhoilsithe go bhfuair 890 duine bás anuraidh le linn dóibh a bheith ag fanacht ar otharcharr – 294 duine i gCúige Laighean; 306 duine i ndeisceart na tíre agus 290 duine in iarthar na tíre.

Last year, in the case of 34% of cases, it took more than an hour before the patient was transferred into the care of the hospital from the ambulance, due to overcrowding in the hospitals.

Anuraidh, i gcás 34 faoin gcéad de chásanna, ghlac sé breis agus uair a chloig sula raibh an t-othar aistrithe isteach faoi chúram an ospidéil ón lucht otharcharr, de bharr róphlódaithe sna hospidéil.

Pedar Toiblin, leader of Auntú, received these figures about parliamentary issues.

Fuair Peadar Toiblín, ceannaire Aontú, na figiúirí seo faoi cheisteanna parlaiminte.

In response to the questions put to them, the National Ambulance Service – which is under the command of the Health Service Executive – said that they have 280 ambulances in their fleet.

Mar fhreagra ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid dúirt an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr – atá faoi cheannasaíocht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – go bhfuil 280 otharcharr sa bhflít acu.

They said that so far this year, 72% of ambulances have cleared out of their hospitals within an hour of landing with a patient on board.

Dúirt siad gur go dtí seo i mbliana, go bhfuil 72 faoin gcéad d’otharchairr glanta amach óna hospidéil taobh istigh d’uair a chloig dóibh a bheith tuirlingthe le hothar ar bord.

In the west of the country last year, one person in that category waited 22 hours for an ambulance

In iarthar na tíre anuraidh, bhí duine amháin sa gcatagóir sin ag fanacht ar feadh 22 uair ar otharcharr

Leave a Reply