20230422_IRISH_athru_molta_ar_an_treimhse_feithimh_tri_la_i_gcasanna_ginmhillte



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2da8apa6

Contact: irishlingos@gmail.com

Proposed change to the three-day waiting period in abortion cases.

Athrú molta ar an tréimhse feithimh trí lá i gcásanna ginmhillte.

It has been recommended in a review of abortion services in this country that the government should amend the waiting period in question.

Tá sé molta in athbhreithniú atá déanta ar sheirbhísí ginmhillte sa tír seo gur chóir don rialtas leasú a dhéanamh ar an tréimhse feithimh atá i gceist.

As things currently stand, pregnant women who wish to have an abortion have to go to their doctor twice: they go the first time to express their decision and then, they have to wait three days before returning they to take the medicine.

Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, caithfidh mná atá ag iompar clainne agus ar mhian leo ginmhilleadh a fháil dul ag a ndochtúir faoi dhó: téann siad an chéad uair chun a gcinneadh a chur in iúl agus ansin, caithfidh siad fanacht trí lá sula bhfilleann siad leis an leigheas a ghlacadh.

The report recommends that doctors should continue to recommend women to wait three days, but that the decision about the waiting period should be left to the women themselves rather than being mandatory.

Moltar sa tuarascáil gur chóir go leanfaidh dochtúirí ar aghaidh ag moladh do mhná fanacht trí lá, ach gur chóir an cinneadh faoin tréimhse feithimh a fhágáil faoina mná iad féin seachas é a bheith éigeantach.

The review group compiled the report under the direction of barrister Marie O’Shea and it is understood that the Minister for Health, Stephen Donnelly, will present the recommendations to cabinet next week.

Chuir an grúpa abhbhreithnithe an tuarascáil le chéile faoi stiúir an abhcóide Marie O’Shea agus tuigtear go gcuirfidh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, na moltaí faoi bhráid na comhaireachta an tseachtain seo chugainn.

It also recommends that amendments be made to some of the abortion legislation.

Moltar ann freisin leasuithe a dhéanamh ar chuid den reachtaíocht ginmhillte.

As things currently stand, a doctor who does not strictly adhere to the legislation on abortion can be sentenced to up to fourteen years in prison.

Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, is féidir suas le ceithre bliana déag príosúin a ghearradh ar dhochtúir nach gcloíann go docht leis an reachtaíocht ar ghinmhilleadh.

The review recommends the abolition of criminal charges against doctors.

Moltar san athbhreithniú deireadh a chur le cúiseanna coiriúla i gcoinne dochtúirí.

Another proposed change is to amend the legislation as it relates to fatal fetal abnormality.

Athrú eile atá molta ná leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht faoi mar a bhaineann sí le mínormáltacht mharfach féatais.

As things currently stand, pregnant women who wish to have an abortion have to see their doctor twice

Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, caithfidh mná atá ag iompar clainne agus ar mhian leo ginmhilleadh a fháil dul ag a ndochtúir faoi dhó

Leave a Reply