20230421_IRISH_85_duine_maraithe_in_ollbhrutam_i_bpriomhchathair_eimin



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/24w9uy9t

Contact: irishlingos@gmail.com

85 people killed in a massacre in the capital of Yemen.

85 duine maraithe in ollbhrútam i bpríomhchathair Éimin.

It is reported that over forty people were killed when they fell into each other’s heads while charity workers were handing out donations to a large crowd in Yemen’s capital, Sana’a.

Tuairiscítear gur maraíodh os cionn ceithre scór duine nuair a thit siad i mullach a chéile agus sintíúis láimhe á roinnt ag lucht carthanachta ar shlua mór i bpríomhchathair Éimin, Sana.

At least 85 people were killed and over 300 were injured in the stampede, according to the authorities in the city.

Maraíodh 85 duine ar a laghad agus gortaíodh barr ar 300 sa bhrútam, dar leis na húdaráis sa chathair.

It seems that the money was being distributed to the crowd under the roof of a school when the disaster occurred.

Is cosúil gur faoi dhíon scoile a bhí an t-airgead á dháileadh ar an slua nuair a tharla an tubaiste.

Women and children were among the dead, it was said.

Bhí mná agus páistí i measc na marbh, a dúradh.

It was revealed that merchants in the area were distributing money to the poor, which is an important tradition in Islam during the Ramadan festival, when an unexpected thunderstorm caused panic in the crowd.

Tugadh le fios go raibh ceannaithe sa cheantar ag dáileadh airgid ar na boicht, ar traidisiún tábhachtach é in Ioslam aimsir na féile Ramadan, nuair a chuir fothrom gan choinne scaoll sa phlód.

Some of them tried to leave the school but it appears that they knocked each other down and trampled each other in the skirmish.

D’fhéach cuid acu imeacht as an scoil ach dealraítear gur leag siad a chéile agus gur shatail siad ar a chéile sa scrimisc.

It was said that the merchants have been arrested and are being questioned by the police about what happened.

Dúradh go bhfuil na ceannaithe gafa agus á gceistiú ag na póilíní faoinar thit amach.

Life is in turmoil in Yemen due to the civil war that has been going on in the country for almost ten years.

Tá an saol ina chíor thuathail in Éimin de bharr an chogaidh chathartha atá ar bun sa tír le beagnach deich mbliana.

According to the United Nations, society there is barely functioning and 22 million people – two thirds of the population – are extremely poor and in need of foreign aid.

Dar leis na Náisiúin Aontaithe gur ar éigean atá an tsochaí ansin ag feidhmiú agus go bhfuil 22 milliún duine – dhá thrian den daonra – go bhfuil siad fíorbhocht agus i ngátar fóirithinte ón iasacht.

RTÉ News and Current Affairs Shoes on each other’s shoulders where the brutality took place

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Bróga ar mhuin mhairc a chéile san áit ar tharla an brútam

Leave a Reply