20230128_IRISH_taighde_ag_leiriu_imeallu_gaeil_oga_i_mbeal_feirste



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2nno6euu

Contact: irishlingos@gmail.com

Research showing the marginalization of young Irish people in Belfast.

Taighde ag léiriú imeallú Gaeil óga i mBéal Feirste.

In Belfast today, research was launched on youth work through the medium of Irish, the first report of its kind ever.

I mBéal Feirste inniu seoladh taighde ar obair óige tré mheán na Gaeilge, an chéad tuairisc den chinéal sin riamh.

The research deals with the way youth work has been pushed into unsuitable spaces and the way it has been pushed out when policy and funding are being worked out.

Pléann an taighde leis an dóigh ar brúdh an obair óige isteach i spásanna mífhóirsteanacha agus an dóigh ar brúdh amach í agus polasaí agus maoiniú á réiteach.

In recent years there have been many demonstrations by Irish language youth associations in Northern Ireland with the Education Authority threatening to cut almost all of their funding.

Le blianta beaga anuas is iomaí léirisiú a bhí ag cumainn óige Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus an tÚdarás Oideachais ag bagairt a gcuid maoinithe uilig beagnach a ghearradh.

They stood their ground and Glór na Móna in collaboration with Ulster University carried out research in that period which was launched today giving a definition of what Irish youth work means.

Sheas siad an fód agus rinne Glór na Móna i gcomhar le hOllscoil Uladh taighde sa tréimhse sin a seoladh inniu ag tabhairt sainmhíniú ar cad is brí le obair óige Gaeilge.

“Squeezed in and squeezed out” is the name of the report.

“Brúite isteach is brúite amach” ainm na tuarascála.

It is hoped that the new framework shown in the study will be a guide for the Education Authority when decisions are made about funding and resources.

Táthar ag súil go mbeidh an chreatlach úr atá léirithe sa staidéar ina threoir ag an Údaras Oideachais agus cinntí á ndéanamh feasta faoi mhaoiniú agus faoi acmhainní.

Áine Ní Ghallchóir will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Áine Ní Ghallchóir ar Nuacht TG4 ag 1900.

Leave a Reply