20230129_IRISH_an_seo_saoire_domhanda_ar_ais_tar_eis_3_bliana



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hsknjsf

Contact: irishlingos@gmail.com

The World Holiday Show is back after 3 years.

An Seó Saoire Domhanda ar ais tar éis 3 bliana.

Travel agencies say their business is booming as more people book holidays in January following the Covid 19 crisis.

Deir gníomhaireachtaí taistil go bhfuil trácht an-tréan faoina ngnó agus mórchuid daoine ag cur laethanta saoire in áirithe mí Eanáir tar éis ghéarchéim Covid a 19.

The holiday industry is said to be worth €5 billion a year to the economy.

Luaitear luach €5 billiún sa mbliain a bheith sa tionscal saoire don gheilleagar.

Last year, with the sector booming, licensed travel agents had a turnover of €1.3 billion.

Anuraidh, agus biseach ag teacht faoin earnáil, bhí láimhdeachas €1.3 billiún ag gníomhairí ceadúnaithe taistil.

In the last three years, the period of the Pandemic and the war in Ukraine, 10 agencies have been launched.

Le trí bliana anuas, tréimhse na Paindéime agus na cogaíochta san Úcráin, tá 10 gcinn de ghníomhaireachtaí curtha de dhroim seoil.

But in the RDS in Dublin today there is courage to be felt as 1,000 travel experts from 50 countries meet together at the ‘Holiday World Show’ for the first time since 2020.

Ach san RDS i mBaile Átha Cliath inniu tá misneach le brath agus 1,000 saineolaí taistil as 50 tír ag cruinniú le chéile ag an seó saoire domhanda ‘Holiday World Show’ an chéad uair ó 2020.

18 businesses will be present throughout the weekend representing County Donegal.

Beidh 18 gnó i láthair ann ar feadh an deireadh seachtaine i mbun ionadíochta ar Chontae Dhún na nGall.

70,000 people are expected at the gathering.

Táthar ag súil le 70,000 duine ag an teacht le chéile.

Donegal County Council’s tourism department wants to give Tirconaill a platform to attract people to take a holiday there.

Tá rannóg turasóireachta Chomhairle Chontae Dhún na nGall ag iarraidh ardán a thabhairt do Thír Chonaill le daoine a mhealladh le ghabháil ar saoire ann.

Expect crowds on holiday this year after a crisis in the industry.

Súil leis na sluaite ar saoire i mbliana tar éis géarchéim sa tionscal.

Leave a Reply