20230127_IRISH_fineail_mhor_do_enoch_burke_muna_gcloionn_se_le_hordu_cuirte



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ehqppbw

Contact: irishlingos@gmail.com

A heavy fine for Enoch Burke if he does not obey a court order.

Fíneáil mhór do Enoch Burke muna gcloíonn sé le hordú cúirte.

The High Court has ruled that Enoch Burke will be fined €700 per day if he does not take sufficient action in his contempt of court before two o’clock tomorrow.

Tá rialú tugtha ag an Ard-Chúirt go ngearrfar fíneáil €700 in aghaidh an lae ar Enoch Burke muna ndéanann sé leorghníomh ina dhíspeagadh cúirte roimh a dó a chlog amárach.

High Court Judge Brian O’Moore said he will review his decision at a hearing on February 10.

Dúirt an Breitheamh Brian O’Moore san Ard-Chúirt go ndéanfaidh sé athbhreithniú ar a chinneadh ag éisteacht ar an 10ú Feabhra.

The Judge also said that these daily fines would cost almost €5,000 per week.

Dúirt an Breitheamh chomh maith gur costas do bheagnach €5,000 euro in aghaidh na seachtaine a bheadh i gceist leis na fíneálacha laethúla seo.

Judge O’Moore said that this should persuade Enoch Burke to end his current behavior of attending Wilson’s Hospital school for no reason, a school that does not want him Enoch Burke on her land.

Dúirt an Breitheamh O’Moore gur cheart go gcuirfidh sé seo ina luí ar Enoch Burke deireadh a chur leis an iompar atá ar bun aige faoi láthair, sé sin, ag freastal ar scoil Wilson’s Hospital gan aon chúis, scoil nach bhfuil ag iarraidh go mbeadh Enoch Burke ar a cuid talún.

The Judge said if this did not work the daily fee could be increased further.

Dúirt an Breitheamh muna n- oibríonn sé seo go bhféadfaí an táille laethúil a ardú tuilleadh.

Enoch Burke came as far as Wilson’s Hospital School in County Westmeath for the third day in a row today.

Tháinig Enoch Burke chomh fada le Scoil Wilson’s Hospital i gContae na hIarmhí do tríú lá as a chéile inniu.

Enoch Burke’s father, Seán Burke, drove him to school again this morning.

Thiomáin athair Enoch Burke, Seán Burke, é chomh fada leis an scoil arís ar maidin.

Enoch Burke was fired from his job as a teacher last Friday.

Briseadh Enoch Burke as a phost mar mhúinteoir Dé hAoine seo caite.

Today’s judgment has been criticized by Enoch Burke who says it is a stain on the nation, the land and the country’s history.

Tá breithiúnas an lae inniu cáinte ag Enoch Burke a deir gur smál ar an náisiún, ar an dtalamh agus ar stair na tíre é.

Enoch Burke to be fined €700 per day if he does not comply with a court order

Fíneáil €700 in aghaidh an lae le gearradh ar Enoch Burke muna gcloíonn sé le hordú cúirte

Leave a Reply