20221221_IRISH_ardu_ceadach_ar_phraghsanna_mordhiola_fuinnimh_in_2021



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2oq9l8ux

Contact: irishlingos@gmail.com

Steady rise in wholesale energy prices in 2021.

Ardú céadach ar phraghsanna mórdhíola fuinnimh in 2021.

Wholesale gas prices rose 380% during 2021, according to new figures from the Utilities Regulatory Commission.

D’ardaigh praghsanna mórdhíola gáis 380 faoin gcéad i gcaitheamh na bliana 2021, de réir figiúirí nua ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais.

This was a 260% increase in wholesale electricity prices.

Ardú 260 faoin gcéad a bhí i gceist i gcás praghsanna mórdhíola leictreachais.

The data published by the Commission today also shows that many domestic customers switched to other companies in order to get lower prices.

Léiríonn na sonraí a d’fhoilsigh an Coimisiún inniu chomh maith gur athraigh go leor custaiméirí baile go dtí comhlachtaí eile féachaint le praghsanna níos ísle a fháil.

Customers who switched from a normal tariff to a discount rate were particularly successful.

Bhí rath go háirithe ar chustaiméirí a d’athraigh ó gnáth-tharaif go dtí ráta lascaine.

They saved €581 on electricity and €316 on gas on average, according to the Commission.

Shábháil siadsan €581 ar leictreachas agus €316 ar ghás ar an meán, de réir an Choimisiúin.

While the official figures for 2022 are not yet available, it is known that wholesale energy prices have fallen significantly this year and are expected to fall further next year.

Siúd is nach bhfuil figiúirí oifigiúla 2022 ar fáil go fóill, tá a fhios go bhfuil praghsanna mórdhíola fuinnimh daoirsithe go mór i mbliana agus táthar sealbhaithe de go ndaoirseoidh siad tuilleadh an chéad bhliain eile.

The Commission is recommending that people continue to switch to other companies to ensure they get their money’s worth.

Tá an Coimisiún ag moladh do dhaoine leanúint orthu ag athrú go dtí comhlachtaí eile lena chinntiú go bhfaighidh siad luach a gcuid airgid.

That or seek new terms from the company they currently have a contract with.

É sin nó téarmaí nua a lorg ar an gcomhlacht a bhfuil conradh acu leo faoi láthair.

In addition to all this, the Commission’s figures show that more customers were in arrears last year compared to 2020.

Ina theannta sin ar fad, léiríonn figiúirí an Choimisiúin go raibh riaráistí ar níos mó custaiméirí anuraidh i gcomórtas le 2020.

18% of gas customers and 13% of electricity customers were in arrears in 2021, an increase of 9% and 5% respectively from the previous year.

Bhí riaráistí ar 18 faoin gcéad de chustaiméirí gáis agus 13 faoin gcéad de chustaiméirí leictreachais in 2021, sin ardú 9 faoin gcéad agus ardú 5 faoin gcéad faoi seach ón mbliain roimhe sin.

912 customers had their electricity cut off and 503 customers had their gas cut off in 2021 because they did not pay their bills.

Gearradh leictreachas 912 custaiméir agus gearradh gás 503 custaiméir in 2021 de bharr nár íoc siad a gcuid billí.

That’s 1,373 and 534 respectively in 2020.

Sin le hais 1,373 agus 534 faoi seach in 2020.

New rules on power cuts introduced during the pandemic are said to have slowed the decline.

Rialacha nua maidir le gearradh cumhachta a tugadh isteach le linn na paindéime is siocair leis an laghdú, a deirtear.

Leave a Reply