20221219_IRISH_rannoga_eigeandala_ospideil_na_tire_faoin_mbru_is_mo_riamh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2gcwqewz

Contact: irishlingos@gmail.com

“Emergency departments of the country’s hospitals under the greatest pressure ever”.

“Rannóga éigeandála ospidéil na tíre faoin mbrú is mó riamh”.

The accident and emergency departments of the country’s hospitals are under the greatest pressure they have ever experienced, says a new report from the Health Information and Quality Authority.

Tá rannóga timpistí agus éigeandála ospidéil na tíre faoin mbrú is mó a bhí riamh orthu, a deirtear i dtuarascáil nua ón Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.

As evidence of how bad things are, the report draws attention to the case of one patient in Limerick University Hospital who was waiting 116 hours for a bed – that’s almost five days.

Mar sholaoid ar chomh dona agus atá cúrsaí, tarraingítear aird sa tuarascáil ar chás othair amháin in Ospidéal Ollscoile Luimnigh a bhí ag fanacht 116 uair an chloig le leaba – sin beagnach cúig lá.

That is one of the worst cases, however, and the Authority says that it is rare for patients to wait more than 80 hours with a bed.

Sin ceann de na cásanna is measa, áfach, agus deir an tÚdarás gurb annamh othair ag fanacht níos mó ná 80 uair an chloig le leaba.

As with triage care, it is said that patients can wait between one and three and a half hours, although not often.

Mar le cúram triáiseála de, deirtear gur féidir le hothair a bheith ag fanacht idir uair agus trí huaire an chloig go leith, cé nach minic sin.

Triage care is a preliminary assessment of the patient’s needs and, of course, the patient’s health can deteriorate if there is too much delay, says the Authority.

Réamh-mheasúnú ar riachtanais an othair is ea cúram triáiseála agus, dar ndóigh, is féidir le sláinte an othair dul in olcas má bhíonn moill rómhór ann, a deir an tÚdarás.

To top it off, it is said, there are not enough beds – or indeed enough staff – to prevent the lack of community health services.

Mar bharr ar an donas, a deirtear, níl dóthain leapacha ann – ná dóthain foirne go deimhin – gan an easpa seirbhísí sláinte pobail a bhac.

The report is based on an inspection of seven accident and emergency departments, namely Cavan and Monaghan Hospital; University Hospital, Cork; Limerick University Hospital; Mayo University Hospital; Sligo University Hospital; Saint Michael’s Hospital, Dun Laoghaire; and St Vincent’s University Hospital, Dublin.

Tá an tuarascáil bunaithe ar chigireacht a rinneadh ar sheacht gcinn de rannóga timpistí agus éigeandála, mar atá, Ospidéal an Chabháin agus Mhuineacháin; Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh; Ospidéal Ollscoile Luimnigh; Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo; Ospidéal Ollscoile Shligigh; Ospidéal Naomh Micheál, Dún Laoghaire; agus Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath.

According to figures from the Irish Nurses and Midwives Association, 638 patients were waiting for a bed in hospitals across the country this morning.

De réir figiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, bhí 638 othar ag fanacht le leaba in ospidéil ar fud na tíre ar maidin inniu.

75 of them were at Limerick University Hospital; 68 were in University Hospital, Cork; 51 in Letterkenny University Hospital; and 47 in Tallaght University Hospital.

Is in Ospidéal Ollscoile Luimnigh a bhí 75 acu; bhí 68 in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh; 51 in Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn; agus 47 in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta.

Leave a Reply