20221222_IRISH_priosun_saoil_gearrtha_ar_fhear_faoi_dhunmharu_cameron_reilly



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hq9frk4

Contact: irishlingos@gmail.com

Man sentenced to life in prison for Cameron Reilly’s murder.

Príosún saoil gearrtha ar fhear faoi dhúnmharú Cameron Reilly.

At the Central Criminal Court, a 23-year-old man was sentenced to life imprisonment for murdering an eighteen-year-old youth in Dunleire, Co Louth, over four years ago.

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh príosún saoil ar fhear 23 bliain d’aois faoi ógánach ocht mbliana déag a dhúnmharú i nDún Léire, Co Lú, os cionn ceithre bliana ó shin.

Last Thursday, Aaron Connolly, from Ballybuli, Drumchora, Co Louth, was convicted of the murder of Cameron Reilly whose body was found in a park in Dunlere on 26 May 2018.

Déardaoin seo caite, ciontaíodh Aaron Connolly, as Baile Bhuilí, Droim Chora, Co Lú, i ndúnmharú Cameron Reilly a bhfuarthas a chorp i bpáirc i nDún Léire ar an 26 Bealtaine 2018.

In a victim impact statement read out in court today, Cameron’s uncle Reilly said on behalf of the family that although the trial was over the suffering would continue.

I ráiteas tionchair íospartaigh a léadh sa chúirt inniu, thug uncail Cameron Reilly le fios, thar ceann an teaghlaigh, cé go raibh deireadh leis an triail go mairfeadh an fhulaingt.

Darren Flanagan said Cameron was an only child.

Dúirt Darren Flanagan gur páiste aonair ab ea Cameron.

He was the first grandchild in the family and he was everyone’s pet, he said.

Ba é an chéad gharpháiste sa teaghlach é agus bhí sé ina pheata ag gach uile dhuine, arsa sé.

He was a happy and gentle boy and loved company, he said.

Buachaill sona sásta mín mánla a bhí ann agus ba bhreá an chuideachta é, a dúirt sé.

Cameron loved music and concerts, said the uncle, and he always sat in the front seat of cars with the desire to control the radio and sing the songs that were playing at the same time.

Thaitin ceol agus ceolchoirmeacha go mór le Cameron, arsa an t- uncail, agus shuíodh sé i gcónaí sa suíochán tosaigh i gcarranna le dúil smacht a bheith aige ar an raidió agus na hamhráin a bhíodh ar siúl a chanadh ar an uain chéanna.

Darren Flanagan said the family’s life fell apart after the murder and nothing has been the same since.

Dúirt Darren Flanagan gur thit saol an teaghlaigh as a chéile tar éis an dúnmharaithe agus nach raibh dada mar a bhíodh ó shin.

Cameron Reilly was not just a name in the media, he said.

Ní díreach ainm sna meáin chumarsáide a bhí in Cameron Reilly, a dúirt sé.

He was a son, grandson, nephew and cousin, he said, and that is how he should be remembered.

Mac, garmhac, nia agus col ceathar a bhí ann, arsa sé, agus is mar sin is cóir cuimhneamh air.

For the family, he will always be our beautiful eighteen-year-old boy, said the uncle.

Don teaghlach, is é ár mbuachaill álainn a bheas ocht mbliana déag go brách é, a dúirt an t-uncail.

The trial was told that Cameron Reilly and some friends with him – including Aaron Connolly – were drinking in the park in Dunlere on the night of 25 May 2018, and that his body was found there the following day.

Dúradh sa triail go raibh Cameron Reilly agus roinnt cairde leis – Aaron Connolly ina measc – ag ól sa pháirc i nDún Léire oíche an 25 Bealtaine 2018, agus gurbh ann a fritheadh a chorp an lá dar gcionn.

Asphyxiation caused by pressure on his throat led to his death.

Plúchadh de bharr brú a cuireadh ar a scornach ba thrúig bháis dó.

Aaron Connolly’s claim that Cameron Reilly was still alive the last time he saw him was not accepted.

Níor glacadh le maíomh Aaron Connolly go raibh Cameron Reiily fós ina bheatha an uair dheireanach a chonaic sé é.

Judge Tony Hunt sentenced Aaron Connolly to life imprisonment as mandated.

Ghearr an Breitheamh Tony Hunt príosún saoil de réir mar atá sainordaithe ar Aaron Connolly.

Aaron Connolly

Aaron Connolly

Leave a Reply