20220823_IRISH_muinteoiri_ag_streachailt_go_mor_-_an_tui



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2k5k8g36

Contact: irishlingos@gmail.com

“Teachers are struggling a lot” – the TUI.

“Múinteoirí ag streachailt go mór” – an TUI.

The Association of Middle Teachers, the TUI, has warned that the crisis is worsening in terms of recruiting and retaining teachers, due to the recent increase in the cost of living.

Tá rabhadh tugtha ag Cumann na Meánmhúinteoirí, an TUI, gur in olcas atá an ghéarchéim ag dul ó thaobh múinteoirí a earcú agus a choimeád, de bharr an mhéadaithe atá tagtha ar chostais mhaireachtála le gairid.

They also pointed out that the profession is less attractive to young people, due to the lower rates of pay paid to those who are going into teaching for the first time.

Thug siad le fios freisin nach bhfuil an ghairm chomh tarraingteach céanna go dhaoine óga, de bharr na rátaí níos ísle pá a íoctar leo siúd atá ag dul leis an múinteoireacht den chéad uair.

New teachers are demoralized, they say.

Tá lagmhisneach ar mhúinteoirí nua, a deir siad.

Previously, an allowance was paid to those who were teaching subjects, but this was abolished for teachers who qualified after 2012.

Roimhe seo, d’íoctaí liúntas leo siúd a bhí ina n-ábhar múinteora, ach cuireadh deireadh leis sin i gcás múinteoirí a bhain a gcáilíocht amach i ndiaidh 2012.

The TUI is demanding that the Department of Education refund the allowance to new teachers.

Tá an TUI ag éileamh ar an Roinn Oideachais an liúntas a aisíoc le múinteoirí nua.

The union indicated that teachers were happy not to accept a 1% pay rise due to them in February this year, on condition that the value of the allowance was paid back to them.

Thug an ceardchumann le fios go raibh múinteoirí sásta gan glacadh le hardú pá 1 faoin gcéad a bhí dlite dóibh i mí Feabhra na bliana seo, ar an gcoinníoll go n-íocfaí luach an liúntais ar ais leo.

“Teachers are very frustrated by the delay in this refund”, says Liz Farrell, President of the TUI.

“Tá frustrachas an domhain ar mhúinteoirí de bharr na moille atá ar an aisíocaíocht seo”, a deir Liz Farrell, Uachtarán an TUI.

She pointed out that schools have great difficulties in terms of recruiting teachers in urban areas.

Thug sí le fios go bhfuil deacrachtaí móra ag scoileanna ó thaobh múinteoirí a earcú i gceantracha uirbeacha.

And that there is a shortage of teachers available to teach specific subjects.

Agus go bhfuil ganntannas múinteoirí ar fáil chun ábhair ar leith a mhúineadh.

“Teachers are struggling with accommodation and transport costs”, she says.

“Tá múinteoirí ag streachailt le costais lóistín agus iompair”, a deir sí.

Leave a Reply