20220822_IRISH_ardu_ar_bhilli_leictreachas_ag_buaic-am_an_trathnona_molta



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2k49kuj8

Contact: irishlingos@gmail.com

An increase in electricity bills at the evening peak time is proposed.

Ardú ar bhillí leictreachas ag buaic-am an tráthnóna molta.

The Energy Regulator is recommending that additional fees be charged to large electricity consumers and electricity suppliers in order to reduce demand at the hours of the day when the draw on power is greatest and mitigate the risk of supply outages in the winter.

Tá an Rialálaí Fuinnimh ag moladh go ngearrfaí táillí sa mbreis ar thomhaltóirí móra leictreachais agus ar lucht soláthair leictreachais ar mhaithe leis an éileamh ag na huaireanta den lá nuair is mó an tarraingt ar chumhacht a laghdú agus an baol don soláthar amach sa ngeimhreadh a mhaolú.

The proposals will be submitted to the public for a two-week consultation period, but web agent Eirgird says that period is not enough.

Beidh na moltaí faoi bhráid an phobail ar feadh tréimhse comhairleoireachta a mhairfidh coicís ach deir an gníomhaire gréasáin Eirgird nach leor an tréimhse sin.

On top of that, and for other reasons they say, Eirgird is not supporting the proposals.

Dhá bharr sin, agus ar chúiseanna eile a deir siad, níl Eirgird ag tacú leis na moltaí.

The Utilities Regulatory Commission says the country is at risk of major challenges to electricity supply in the coming months.

Deir an Coimisiún um Rialáil Fóntais go bhfuil an tír i gcontúirt ó dhúshláin mhóra don soláthar leictreachais sna míonna atá romhainn.

They say that there are power generating stations that have closed; that there is insufficient capacity to generate additional supply; that can only intermittently rely on wind power; and that demand is growing exponentially.

Deir siad go bhfuil stáisiúin ginte cumhachta atá tar éis dúnadh; nach bhfuil dóthain cumais ann soláthar sa mbreis a ghineadh; nach féidir ach go huaineach brath ar chumhacht ón ngaoth; agus go bhfuil an t-éileamh ag fás as cuimse.

Because of all that, – to reduce the demand and to tackle the additional cost of providing electricity, – the Commission is proposing additional charges for the use of power between 5 and 7 in the evening every day.

Mar gheall air sin ar fad, – leis an éileamh a laghdú agus le ghabháil i ngleic leis an gcostas sa mbreis ar leictreachas a chuir ar fáil, – atá an Coimsiún ag moladh táillí sa mbreis ar chumhacht a úsáid idir a 5 agus a 7 tráthnóna gach lá.

Charges would be higher for mass consumers such as data centers under the proposals.

Bheadh táillí níos airde ar oll-thomhaltóirí ar nós lár-ionaid sonraí de réir na moltaí.

The Regulator estimates that it would add €26 a year to household bills.

Measann an Rialálaí gur €26 sa mbreis sa mbliain a chuirfeadh sé ar bhillí teaghlaigh.

But it would be more expensive, says the Commission, to do nothing.

Ach bheadh sé níos daoire a deir an Coimisiún gan tada a dhéanamh.

Leave a Reply