20220824_IRISH_linte_dearga_a_gcur_thar_logainmneacha_bearla_i_ndun_na_ngall



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2pd7ly83

Contact: irishlingos@gmail.com

Red lines being drawn over English place names in Donegal.

Línte dearga á gcur thar logainmneacha Béarla i nDún na nGall.

The independent county councillor, Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig in the Donegal Gaeltacht, says that he does not condemn the spray paint damage done to bilingual road signs in that Gaeltacht and in areas outside it recently.

Deir an comhairleoir condae neamhspleách, Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig i nGaeltacht Dhún na nGall, nach gcáineann sé an damáiste le péint spraeála a rinneadh do chomharthaí bóthair dátheangacha sa Ghaeltacht sin agus i gceantair taobh amuigh di le déanaí.

But another independent councillor, Michael McClafferty, said that criminal damage like this does the language no good and that the taxpayer is paying dearly for the vandalism.

Ach dúirt comhairleoir neamhspleách eile, Michael McClafferty, nach ndéanann damáiste coiriúil mar seo aon mhaitheas don teanga agus go bhfuil an cáiníocóir ag íoc go daor as an loitiméireacht.

Llinta Letterkenny says that this type of protest is not a positive approach and that it would be better to engage in awareness campaigns.

Deir Líonta Leitir Ceanainn nach cur chuige dearfach é an cineál agóidíochta seo agus gurbh fhearr dul i mbun feachtais feasachta.

Road signs in Irish and English in Gaoth Dobhair and Clochchinnaola have recently been defaced with spray paint.

Tá comharthaí bóthair atá i nGaeilge agus i mBéarla i nGaoth Dobhair agus i gCloich Chionnaola scriosta le spraephéint le déanaí.

The English version is covered by the paint.

Is é an leagan Béarla atá clúdaithe ag an phéint.

But the county councillor, Michael McClafferty, from Fál Carrach says that a campaign like this is dragging the Irish language through the dirt.

Ach deir an comhairleoir condae, Michael McClafferty, as an Fhál Charrach gur ag tarraingt na Gaeilge trí shalachar atá feachtas mar seo.

He says criminal damage like this does the language no good and the taxpayer is paying dearly for the vandalism.

Deir sé nach ndéanann damáiste coiriúil mar seo maitheas ar bith don teanga agus gurb é an cáiníocóir atá ag íoc go daor as an loitiméireacht.

“There are other ways to draw attention to a policy: a complaint, a public petition and communication with the local authority, but not like this”, he says.

“Tá dóigheanna eile ann le haird a tharraingt ar pholasaí: gearán, achainí phoiblí agus cumarsáid leis an údarás áitiúil, ach ní mar seo”, a deir sé.

Two years ago, white tape was placed on English versions of road signs in the Gaeltacht and on versions that were extending towards the Lowlands.

Dhá bhliain ó shin cuireadh téip bhán ar leaganacha Béarla de chomharthaí bóthair sa Ghaeltacht agus ar leaganacha a bhí ag síneadh i dtreo na Galltachta.

One councilor wants all place names to be in Irish only.

Tá comhairleoir amháin ag iarraidh go mbeadh na logainmneacha uilig i nGaeilge amháin.

The independent consultant, Mícheál Cholm MacGiolla Esbuig, says that he does not condemn the latest damage at all.

Deir an comhairleoir neamhspleách, Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig, nach gcáineann sé an damáiste is déanaí ar chor ar bith.

“It’s not just that I don’t criticize him, but I would tell people to keep with the campaign you are fighting.

“Ní hé amháín nach gcáinim é, ach bhéinn ag rá le daoine coinneáil leis an fheachtas atá sibh á throid.

These people want to have a conversation about a policy for the Irish language.

Tá na daoine seo ag iarraidh comhrá a bheith acu faoi pholasaí don Ghaeilge.

They are trying to say that the language is dying, that the people of Tírconaill and the Gaeltacht here are dying.

Tá siad ag iarraidh a rá go bhfuil an teanga ag fáil bháis, go bhfuil pobal Thír Chonaill agus na Gaeltachta anseo ag fáil bháis.

We are under pressure.”

Táimid faoi bhrú.”

According to a clarification under the legislation given by An Coimisnéir Teanga in 2020, the placename will be in Irish and in English on signs that refer to a place outside the Gaeltacht, either in the Gaeltacht or outside it.

Dé réir soiléiriú faoin reachtaíocht a thug An Coimisnéir Teanga i 2020, beidh an logainm i nGaeilge agus i mBéarla ar chomharthaí atá ag tagairt d’áit taobh amuigh den Ghaeltacht, bíodh sin sa Ghaeltachtnó taobh amuigh dí.

It is clear that the person or group carrying out the work is choosing signs at random inside and outside the Gaeltacht.

Is léir go bhfuil an duine nó an grúpa atá i mbun na hoibre ag roghnú comharthaí go randamach istigh sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.

The English version has been sprayed on signs in places such as Cashel Gé between Kilmacrean and Letterkenny, and Kinn an Droichid in Ennisweg – border areas where there is no Gaeltacht – and some of them refer to Letterkenny, which is Gaeltacht service town.

Tá an leagan Béarla spraeáilte ar chomharthaí in áiteanna mar Chaiseal Gé idir Cill Mhic Réanáin agus Leitir Ceanainn, agus Ceann an Droichid in Inis Eoghain – ceantair cois teorann nach bhfuil Gaeltacht ar bith iontu – agus cuid acu atá ag tagairt do Leitir Ceanainn, atá ina bhaile seirbhíse Gaeltachta.

Bairbre Uí Cathail, who is the coordinator of the Letterkenny Language Plan, says that this is not a positive approach to draw attention to the cause.

Deir Bairbre Uí Chathail, atá ina comhordaitheoir do Phlean Teanga Leitir Ceanainn nach cur chuige dearfach é seo chun aird a tharraingt ar an gcúis.

“The campaign group is putting people against the Irish language”, she says.

“Tá an grúpa feachtais ag cur daoine in éadan na Gaeilge”, a deir sí.

“It’s kind of negative.

“Rud cineáil diúltach atá ann.

I understand the importance of place names and prioritizing the Irish language.

Tuigim an tábhacht a bhaineann leis na logainmneacha agus tús áite a thabhairt don Ghaeilge.

An awareness campaign to draw attention to the meaning of place names would be much better.

B’fhearr i bhfad feachtas feasachta le haird a tharraingt ar chiall na logainmneacha.

We try to attract and encourage people towards the Irish language step by step, and I do not agree with this ‘achievement’.”

Bímidinne ag iarraidh daoine a mhealladh agus a spreagadh i dtreo na Gaeilge céim ar chéim, agus ní aontaím leis an ‘éacht’ seo.”

Yesterday, (Monday) Nuacht sought a statement from Dunnagh County Council’s communications department about this story.

Inné, (Dé Luain) lorg Nuacht ráiteas ó rannóg chumarsáide Chomhairle Contae Dhún na ngGall faoin scéal seo.

There is no statement from them yet.

Níl ráiteas ar bith uathu go fóill.

Leave a Reply