20220821_IRISH_deis_ag_haicealaithe_iphone_a_smachtu_–_apple



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2f3s6hmj

Contact: irishlingos@gmail.com

Hackers’ chance to control iPhone – Apple.

Deis ag haiceálaithe iPhone a smachtú – Apple.

Apple has published a warning that hackers have found a bug that allows them to gain control over the company’s products, such as the iPhone, iPad and the Mac computer.

Tá rabhadh folsithe ag Apple go bhfuil fabht aimsithe ag lucht haiceála a thugann deis dóibh smacht a fháil ar táirgí na cuideachta, leithéid an iPhone, iPad agus an ríomhaire Mac.

Apple has sent out new versions in the last 2 days, an update to their software, and they are strongly recommending their customers to take advantage of the emergency fix.

Tá leaganacha nua seolta amach ag Apple le 2 lá anuas, uasdhátú ar a gcuid bogearraí, agus tá siad ag moladh go tréan dá gcuid custaiméirí leas a bhaint as an leasú éigeandála.

Apple says it is aware that hackers have discovered the bug and that fraudsters may have taken advantage of it.

Deir Apple gur eol dóibh go raibh an fabht faighte amach ag lucht haiceála agus go mb’fhéidir go raibh caimiléirí tar éis an deis a thapadh.

But the company in Silicon Valley is not prepared to say what information they have about the damage that has been done.

Ach níl an chuideachta i Silicon Valley sásta a rá cén t-eolas atá acu faoin dochar atá déanta.

In the technical description published today by Apple they say that a hacker would be able to take advantage of the flaw, which is on the mobile phone and on the computers sold by Apple, to gain control of the device and find all the data.

San gcur síos teicniúil atá foilsithe inniu ag Apple deir siad go mbeadh haiceálaí inann leas a bhaint as an locht, atá ar an bhfón póca agus ar na ríomhairí a dhíolann Apple, le smacht a fháil ar an ngaireas agus na sonraí go léir a aimsiú.

The new patching software being launched by the company is supposed to correct the vulnerability.

Tá na bogearraí nua ceartúcháin atá á seoladh ag an gcuideachta ceaptha an laigeacht a chur ina cheart.

Leave a Reply