20220820_IRISH_tastail_ar_dhrugai_glactha_ag_priomhaire_na_fionlainne



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2mwy3o2q

Contact: irishlingos@gmail.com

Drug tests taken by the Prime Minister of Finland.

Tástail ar dhrugaí glactha ag Príomhaire na Fionlainne.

Finland’s Prime Minister Sanna Marin has taken a drug test today, she says because of the amount of talk a video of her that was published during the week has attracted.

Tá tástáil ar dhrugaí déanta ag Príomhaire na Fionlainne Sanna Marin inniu a deir sí mar gheall ar an oiread cainte atá tarraingthe ag físeán di a foilsíodh i rith na seachtaine.

The video shows a party where a small number of people are singing and dancing, one of whom is the Prime Minister.

Léiríonn an físeán cóisir ina bhfuil líon beag daoine ag canadh agus ag damhsa, an Príomhaire ar dhuine acu.

She swore today that she had never taken illegal drugs in her life.

Mhionnaigh sí inniu nár ghlac sí drugaí mídhleathúla riamh ina saol.

She says the test results will be available within a week, and they will be published she says.

Deir sí go mbeidh torthaí na tástála ar fáil faoi cheann seachtaine, agus foilseofar iad a deir sí.

The Prime Minister said her ability to work was unimpaired even when she was at a party and she said she would have left the event organized by her friends, if she had been called to be arrested on duty.

Dúirt an Príomhaire go raibh a cumas oibre gan lagú fiú agus í ag cóisir agus dúirt sí go mbeadh sí tar éis imeacht ón ócáid a bhí eagraithe ag cairde léi, dá mbeadh fios curtha uirthi le ghabháil i mbun dualgais.

She says she doesn’t like the fact that the video of her dancing at a private party was circulated.

Deir sí nach maith léi in aon chor gur scaipeadh an físeán di ag damhsa ag cóisir phríobháideach.

For friends, that’s what, she said that the video was drawn.

Do chairde, sin é an méid, a dúirt sí a tarraingíodh na físeáin.

The video was first published on a private Instagram account, but from there, it spread widely.

Foilsíodh an físeán ar dtús ar chuntas príobháideach Instagram, ach as sin, scaipeadh go forleathan é.

Sanna Marin is 36.

36 atá Sanna Marin.

She is the youngest head of government in the world since she was elected in December 2019.

Is í an ceann-rialtais is óige ar domhan ó toghadh í mí na Nollag 2019.

She said today that people at the party had been drinking but as far as she knows, no one was taking other drugs.

Dúirt sí inniu go raibh deoch ag daoine ag an gcóisir ach go bhfios di, nach raibh aon duine ag glacadh drugaí eile.

She also denied that it was a publicity stunt, and that a general election is to be held in Finland for the next year.

Sheán sí freisin gur seift poiblíochta a bhí ann, agus olltoghchán le bheith sa bhFionlainn as seo go ceann bliana.

Leave a Reply