20220525_IRISH_nil_gardai_nua,_a_bhfuil_gaeilge_acu,_a_gcur_chun_na_gaeltachta



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ya42pg4
Contact: irishlingos@gmail.com

“New Gardaí, who speak Irish, are not being sent to the Gaeltacht”.

“Níl Gardaí nua, a bhfuil Gaeilge acu, á gcur chun na Gaeltachta”.

160 delegates attended the annual Garda Representative Association Conference in Westport today to discuss the challenges facing the force.

160 toscaire a bhí i láthair ag Comhdháil bhliantiúil Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána i gCathair na Mart inniu chun na dúshláin atá roimh an bhfórsa a phlé.

In 2013, when new trainee Gardaí were recruited, the Commissioner announced at the time that a separate Irish language stream would be created during the training process and then, on completion of their training, these newly qualified Gardaí would be deployed. on duty in a Gaeltacht area.

I 2013, nuair a earcaíodh Gardaí nua faoi oiliúint, d’fhógair an Coimisinéir ag an am go gcruthófai sruth Gaeilge ar leith le linn an phróisis traenála agus ansin, i ndiaidh dóibh a gcuid oiliúna a thabhairt i gcrích, go gcuirfí na Gardaí nuacháilithe sin ar dualgas i gceantar Gaeltachta.

During today’s conference, one delegate, Dermot O’Brien, said that no Irish – speaking Gardaí have gone to a Gaeltacht area after completing their training since it was announced.

Le linn na comhdhála inniu, dúirt toscaire amháin, Dermot O’Brien, nach ndeachaigh aon Gharda a bhfuil Gaeilge acu go ceantar Gaeltachta nuair a bhí a gcuid oiliúna críochnaithe acu ó fógraíodh an méid sin.

The GRA’s newly elected President, Brendan O’Connor, says there is a lot of pressure on Gardaí at the moment as Gardaí are retiring due to lack of training and lack of resources, especially in remote areas and this needs to change.

Deir Uachtarán nua thofa an GRA , Brendan O’Connor, go bhfuil go leor brú ar Ghardaí faoi láthair mar go bhfuil Gardaí ag éirí as an bpost de bharr easpa traenála agus ganntanas achmhainní, go háirithe i gceantair iarghúlta agus go gcaithfidh sé sin athrú.

An additional 800 Gardaí are planned this year.

Tá sé beartaithe go mbeadh 800 Garda breise i mbliana.

They have also demanded that front – line Gardaí be properly trained to drive a patrol car in the event of an emergency, using blue lights and sirens.

Tá éileamh déanta acu freisin go gcuirfear an oiliúint chuí ar Ghardaí líne thosaigh le go mbeidh siad in ann carr patróil a thiomáint i gcás éigeandála, ag baint úsáide as soilse gorma agus bonnáin.

The Police Authority has highlighted this issue.

Tá aird tarraingthe ar an gceist seo ag an Údarás Poilíneachta.

This lack of training, says the Garda Representative Association, leaves many Gardaí unable to pursue a driver traveling at too high a speed, or a driver suspected of being intoxicated.

Mar gheall ar an easpa oiliúna seo, a deir Cumann Ionadaíochta na nGardaí, fágtar nach féidir le go leor Gardaí dul sa tóir ar thiománaí atá ag taisteal ar luas ró-ard, nó ar thiománaí a bhfuil amhras faoi go bhfuil sé ar meisce.

It is an absurd story, the association says.

Scéal áiféiseach is ea é, a deir an cumann.

It was stated during the conference that driving training is not provided often enough and that this delays the response time of the Gardaí.

Dúradh le linn na comhdhála nach gcuirtear an oiliúint tiomána ar fáil minic go leor agus go gcuirtear moill ar am freagartha na nGardaí dá bharr.

They said the appropriate training should be provided immediately.

Dúirt siad gur chóir an oiliúint chuí a chur ar fáil láithreach.

Former Garda Representative Association President Frank Thornton also said that external self-defense classes should be made available to everyone in the force.

Dúirt Iar-Uachtarán Chumann Ionadaíochta na nGardaí, Frank Thornton, freisin gur chóir ranganna seachtracha féinchosanta a chur ar fáil go gach duine sa bhfórsa.

He said it had been eighteen years since he had undergone any self-defense training or cardiopulmonary resuscitation.

Dúirt sé go bhfuil ocht mbliana déag imithe tharainn ó rinneadh seisean aon traenáil fhéinchosanta nó athbheochan chardascamhógach.

Leave a Reply