20220524_IRISH_beirt_fhear_fos_a_gceistiu_faoi_bhas_fir_eile_i_dtra_li



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/29fog3o3
Contact: irishlingos@gmail.com

Two men still being questioned over the death of another man in Tralee.

Beirt fhear fós á gceistiú faoi bhás fir eile i dTrá Lí.

Gardaí investigating the death of another man in Tralee yesterday evening are still questioning two men.

Tá beirt fhear fós á gceistiú ag gardaí atá ag fiosrú bás fir eile a tharla i dTrá Lí tráthnóna inné.

Guards found Joe Brosnan, a 53-year-old man in an apartment block in the town center shortly after 7 p.m.

Tháinig na gardaí ar Joe Brosnan,fear 53 bliain d’aois i mbloc árasán i lár an bhaile go gairid tar éis a 7 a’chlog.

The emergency services were escorted in the Abbey Court block.

Bhí na seirbhísí éigeandála á dtionlacan i mbloc Chúirt na Mainistreach.

They found Joe Brosnan in one of the apartments and stabbed him several times.

Fuair siad Joe Brosnan i gceann de na hárasáin agus é sáite roinnt mhaith babhtaí.

He died shortly afterwards.

Bhásaigh sé go gairid ina dhiaidh sin.

Joe Brosnan is said to have lived in the apartment for many years.

Deirtear go raibh Joe Brosnan ina chónaí san árasán le roinnt mhaith blianta.

The first man, a man in his 50s, was arrested last night and has since been questioned at Tralee Garda Station.

Gabhadh an chéad duine, fear sna 50-idí aréir agus tá seisean á cheistiú ó shin i Stáisiún na nGardaí i dTrá Lí.

He was arrested under Section 4 of the Criminal Justice Act and can be questioned for 24 hours.

Gabhadh é faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil agus is féidir é a cheistiú ar feadh 24 uair a’chloig.

A man in his 30s is the second man taken by guards to be arrested this morning.

Fear sna 30-idí an dara duine atá tógtha ag gardaí, gabhadh eisean ar maidin inniu.

He is being held at Killarney Garda Station.

Tá seisean á choinneáil i Stáisiún na nGardaí i gCill Airne.

Gardaí are asking anyone who was in the Abbey Court area of Tralee between 6.30-7.00 yesterday evening to contact them.

Tá na gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhí i gceantar Chúirt na Mainistreach i dTrá Lí idir 6.30-7.00 tráthnóna inné dul i dteagmháil leo.

Killarney Garda Station (Archives)

Stáisiún na nGardaí i gCill Airne (Cartlann)

Leave a Reply