20220420_IRISH_bean_og_a_gortaiodh_i_gcluiche_camogaiochta_tar_eis_bhais



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y2a7yq79
Contact: irishlingos@gmail.com

Young woman injured in camogie match after death.

Bean óg a gortaíodh i gcluiche camógaíochta tar éis bháis.

A young camogie player who was accidentally injured in a senior match in Co Galway yesterday has died in hospital.

Tá imreoir óg camógaíochta a gortaíodh de mhíthapa i gcluiche sinsir i gCo na Gaillimhe inné tar éis bháis san ospidéal.

The accident happened in Ardrahan in south Galway with the local team playing against Athenry.

Tharla an taisme in Ard Raithin i ndeisceart na Gaillimhe agus an fhoireann áitiúil ag imirt in aghaidh Bhaile Átha an Rí.

The woman, in her twenties, was airlifted from the playing field to Galway University Hospital but was pronounced dead this morning.

Tugadh an bhean, a bhí sna fichidí, ar héileacaptar ón bpáirc imeartha go hOspidéal na hOllscoile i nGaillimh ach cailleadh ansin í ar maidin inniu.

The woman was from the Athenry area and was then celebrated for Mass the morning before the news of her death.

B’as ceantar Bhaile Átha an Rí an bhean agus dúradh Aifreann di ansin ar maidin sular tháinig an scéala go raibh sí básaithe.

A member of the Galway Camogie Board said that the tragedy had upset the public and confirmed that a counseling service had been provided for the players of the clubs involved.

Dúirt ball de Bhord Camógaíochta na Gaillimhe go bhfuil an pobal suaite go mór ag an tragóid agus dheimhnigh go bhfuil seirbhís chomhairleoireachta curtha ar fáil d’imreoirí na gcumann atá i gceist.

Camogie games in Galway have been postponed as a tribute to the young lady.

Tá cluichí camógaíochta i nGaillimh curtha ar athló mar chomhartha ómóis don bhean óg.

Leave a Reply