20220421_IRISH_mariupol_fuascailte_ach_gan_ach_cuid_peine_fanta_inti



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y6l7td5d

Mariupol “redeemed” but with only some pine left.

Mariupol “fuascailte” ach gan ach cuid péine fanta inti.

Russian President Vladimir Putin today announced that the city of Mariupol in southeastern Ukraine has been “redeemed” after his Defense Minister informed him that the place is under his control by Russian soldiers, with the exception of the Azovstal steel giant.

D’fhógair Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go bhfuil cathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine “fuascailte” tar éis dá Aire Cosanta cur in iúl dó go bhfuil an áit faoina smacht nach mór ag saighdiúirí Rúiseacha, cé is moite d’ollmhonarcha cruach Azovstal.

Azovstal forces, a maze that is not easy for the Russians to make their way into, are still being upheld by Ukrainian forces.

Tá fórsaí Úcránacha ag seasamh an fhóid i gcónaí in Azovstal, cathair ghríobháin nach furasta do na Rúisigh a mbealach a dhéanamh isteach inti.

Vladimir Putin said there would be no proximity to the Russian Army’s infantry to raid the factory but indicated that they would besiege the place or that everyone in it would be left in the lurch for lack of food and water.

Dúirt Vladimir Putin nach mbeadh aon ghar do chos-slua Arm na Rúise ruathar a thabhairt ar an monarcha ach thug sé le fios go gcuirfidís imshuí ar an áit nó go mbeadh gach duine inti faonlag féachta de cheal bia agus uisce.

He ordered his soldiers to place such a tight siege on the factory in a position from which not so much as a fly could escape.

D’ordaigh sé dá shaighdiúirí imshuí chomh teann sin a chur ar an monarcha i riocht nach bhféadfadh oiread agus cuileog éalú aisti.

Hundreds of civilians – both children and the elderly – are among the factory guards living in caves and underground passages.

Tá na céadta sibhialtach – idir leanaí agus sheanóirí – i measc lucht cosanta na monarchan agus iad ag cur fúthu in uaimheanna agus i gcaolphasáistí faoi thalamh.

They also include infamous Azov battalion paramilitaries.

Tá paraimíleataigh mhíchlúiteacha chathlán Azov ina measc chomh maith.

That right-wing battalion is often cited with brutality.

Luaitear an cathlán eite deise sin go minic le brúidiúlacht.

Vladimir Putin urged everyone in the factory to obey the Russians, and promised to treat them well and provide medical assistance to those who needed it.

Mhol Vladimir Putin do gach aon duine sa mhonarcha géilleadh do na Rúisigh, agus gheall go gcaithfí go maith leo agus go gcuirfí cúnamh leighis ar fáil don dream a mbeadh sé uathu.

Mariupol has been under siege by the Russian Army since the beginning of March.

Tá Mariupol faoi léigear ag Arm na Rúise ó thús an Mhárta.

The Russians, however, did not care for the river to catch trout, as their artillery has meanwhile destroyed the deserted place.

Ní ag tabhairt aire don abhainn go bhfaighidís breac a bhí na Rúisigh, áfach, ó tá an áit bánaithe luanscriosta ag a gcuid airtléire idir an dá linn.

Not to mention the number of people killed in seven weeks – which is still innumerable – the city has been abandoned by most of the 450,000 citizens who lived there before Russia’s invasion of Ukraine.

Gan trácht ar an líon daoine a maraíodh le seacht seachtaine – atá gan áireamh beacht fós – tá an chathair tréighte ag formhór na 450,000 saoránach a bhí ina gcónaí inti roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin.

It is gratifying that four busloads of people were allowed to leave Mariupol yesterday, the remnants of which are unknown.

Damhna sóláis gur ceadaíodh do cheithre bhus lán daoine imeacht as Mariupol inné, fuíoll an áir nach fios cad atá i ndán dóibh.

In northern Ukraine, in the town of Borodyanka near the capital Kiev, the bodies of nine civilians allegedly killed by Russian soldiers have been found.

I dtuaisceart na hÚcráine, i mbaile Borodyanka in aice leis an bpríomhchathair Cív, fuarthas coirp naonúr sibhialtach a deirtear a mharaigh saighdiúirí Rúiseacha.

According to the police chief at Kiev Oblast, some of the nine appear to have been tortured before their deaths.

Dar le ceannasaí na bpóilíní in Oblast Chív gur cosúil gur céasadh cuid den naonúr sular básaíodh iad.

Russian soldiers pause 500 meters from Azovstal factory, Mariupol, 18 April 2022

Sos á cheapadh ag saighdiúirí Rúiseacha 500 méadar ó mhonarcha Azovstal, Mariupol,18 Aibreán 2022

Leave a Reply