20220419_IRISH_ogfhear_cuisithe_in_ionsai_a_dheanamh_ar_fhear_sa_phriomhchathair



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yyldofco
Contact: irishlingos@gmail.com

Young man accused of assaulting a man in the capital.

Ógfhear cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar fhear sa phríomhchathair.

A young man with an address in Co Kildare was brought before Dublin District Court today charged with assaulting two men in the city center early yesterday morning.

Tugadh fear óg a bhfuil seoladh aige i gCo Chill Dara os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu agus é cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar bheirt fhear i lár na cathrach go moch ar maidin inné.

Eighteen-year-old Stefan Bornac, of Woodland Park in Naas, was charged with assaulting the two men on D’Olier Street shortly after 2.30am yesterday morning.

Cuireadh i leith Stefan Bornac, ocht mbliana déag d’aois, as Páirc Fhearann na Coille sa Nás, gur ionsaigh sé an bheirt fhear ar Shráid D’Olier go gairid tar éis 2.30 ar maidin inné.

One of the two, a visitor from England, is critically ill in hospital as a result of the attack.

Tá duine den bheirt, cuairteoir ó Shasana, go han-dona tinn san ospidéal de bharr an ionsaithe.

A Garda in court said the juvenile did not say anything when he was charged at Pearse Street Garda Station yesterday evening.

Dúirt Garda sa chúirt nach ndúirt an t-ógánach aon ní nuair a cúisíodh é i Stáisiún Ghardaí Shráid an Phiarsaigh tráthnóna inné.

Judge Patricia Cronin granted bail to the accused on parole to settle at his residence in Naas; provide a telephone number for the Gardaí; hand over his travel papers to the Gardaí; and that he would visit the Oriental Garda Station in Kildare once a week.

Cheadaigh an Breitheamh Patricia Cronin bannaí don chúisí ar pharúl go gcuirfeadh sé faoi ina theach cónaithe sa Nás; go gcuirfeadh sé uimhir theileafóin ar fáil do na Gardaí; go dtabharfadh sé a chuid páipéar taistil ar láimh do na Gardaí; agus go dtiocfadh sé chuig Stáisiún Ghardaí Chlaonta i gCill Dara uair sa tseachtain.

At the request of attorney Stefan Bornac, a Romanian interpreter was allowed to appear next time his client appears in court on May 30.

Ar iarratas aturnae Stefan Bornac, ceadaíodh ateangaire Rómáinise a bheith i lathair an chéad uair eile a bheas a chliant os comhair na cúirte ar an 30 Bealtaine.

The accused was also granted free legal aid.

Ceadaíodh saorchúnamh dlí don chúisí freisin.

Leave a Reply