20220222_IRISH_plean_rothaiochta_tuaithe_a_eileamh_ar_udarais_aitiula



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ydhdzd66

Contact: irishlingos@gmail.com

Local cycling plan required by local authorities.

Plean rothaíochta tuaithe á éileamh ar údaráis áitiúla.

A campaign to promote cycling in rural areas has been launched with calls for county councilors to support efforts to encourage safe cycling in the countryside.

Tá feachtas leis an rothaíocht i gceantair tuaithe a chur chun cinn seolta agus éilimh á ndéanamh ar chomhairleoirí contae tacú le hiarrachtaí rothaíocht shábháilte faoin tír a spreagadh.

Campaigners say a National Plan needs to be put in place to enable young and old in the countryside to tackle the saddle in everyday life.

Deir lucht an fheachtais go gcaithfear Plean Náisiúnta a chur i bhfeidhm go mbeidh óg agus aosta amuigh faoin tír in ann tabhairt faoin diallait san saol laethúil.

The campaign to build a temporary cycle lane in Strand Road in Galway City has raised public awareness in the country’s towns and cities, and is now targeting the rural community.

Tá an feachtas a bhí ar bun le lána sealadach rothaíochta a thógáil i mBóthar na Trá i gCathair na Gaillimhe théis aird an phobail a tharraingt ar an scéal i mbailte agus cathracha na tíre, agus tá an feachtas anois ag díriú ar phobal na tuaithe.

Although Galway City councilors have decided over the past week not to proceed with the temporary lane for Strand Road, campaigners for the bicycle are now focusing on a National Plan that will enable people to cycle regularly. safe.

Cé go ndearna comhairleoirí Chathair na Gaillimhe cinneadh le seachtain anuas gan a ghabhail ar aghaidh leis an lána sealadach do Bhóthar na Trá, tá lucht feachtais ar son an rothair ag díriú anois ar Phlean Náisiúnta go mbeidh daoine in ann a ghabhail ag rothaíocht go rialta go sábháilte.

It is run by cyclist.ie.

An grúpa cyclist.ie atá ina bhun.

A copy of their vision has been sent to every elected councilor in the country in a rural area.

Tá cóip den fhís atá acu seolta chuig gach comhairleoir tofa sa tír i gceantar tuaithe.

They hope that councilors will support the 8 – point plan.

Tá súil acu go dtacóidh comhairleoirí leis an bplean 8 bpointe.

County Councilor Padraig Joe Joe Mac an Iomaire says a new road west of Galway is needed, and then a cycleway could be added to the edge of the old road, the R a 336, as he says it would be possible to widen the footpaths if the majority of traffic had been placed on the new road.

Deir an Comhairleoir Contae Padraig Joe Joe Mac an Iomaire go dteastaíonn bóthar nua siar as Gaillimh, agus ansin go mbeifí in ann slí rothaíochta a chur le ciumhais an tseanbhóthair, an R a 336, mar go mbeifí in ann a deir sé na cosáin a leathnú dá mbeadh tromlach na tráchta curtha ar an mbóthar nua.

As part of the campaign’s vision, they want the majority of rural children to go to school for walking or cycling in the future.

Mar chuid den fhís atá ag an bhfeachtas ba mhaith leo gur ag siúl nó ag rothaíocht a bheadh formhór ghasúir na tuaithe ag gabhail ar scoil amach anseo.

It’s time to dump her and move on. The motto of Neasa Bheilbigh from the Galway Cycling Campaign.

Thar am na bonnacha a thabhairt dhe! An mana atá ag Neasa Bheilbigh ó Fheachtas Rothaíochta na Gaillimhe.

Leave a Reply