20220223_IRISH_sioc_agus_sneachta_geallta_san_iarthuaisceart



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yc3jj33r

Frost and snow promised in the Northwest.

Sioc agus sneachta geallta san Iarthuaisceart.

A Yellow Weather Warning has been issued for 3 counties in the North West region with temperatures dropping below freezing overnight.

Tá Foláireamh Buí aimsire fógartha do 3 chondae i réigiún an Iarthuaiscirt agus an teocht le titim faoi bhun an reophointe thar oíche.

The alert will be in place in Donegal, Sligo and County Leitrim from 10am tonight until 10am tomorrow.

I nDún na nGall, i Sligeach agus i gCondae Liatroma a bheidh an foláireamh i bhfeidhm ón 10 a chlog anocht go dtí a 10 a chlog maidin amárach.

Promised winds of snow, hail and sleet.

Múraíl ghaofara sneachta, clocha sneachta agus flichshneachta atá geallta.

Roads in that part of the country will be dangerous and drivers are advised to be vigilant.

Beidh na bóithre sa gcuid sin den tír contúirteach agus táthar ag moladh do thiománaithe a bheith san airdeall.

The Weather Office says it will be bitterly cold, strong westerly winds blowing and occasional thunderstorms are also promised.

Deir Oifig na hAimsire go mbeidh sé fuar feannta, gaoth láidir aniar ag séideadh agus tá corr mhúraíl toirnigh geallta chomh maith.

The temperature will be between 1C and – 2C but will feel colder in the wind says Met Éireann.

Idir +1C agus – 2C a bheidh an teocht ach aireoidh sé níos fuaire sa ngaoth a deir Met Éireann.

The weather has been strange for a week in those bowls and people are still recovering from 3 storms since last Thursday.

Tá an aimsir coimhthíoch le seachtain sna bólaí sin agus daoine fós ag teacht chucu féin théis 3 cinn de stoirmeacha ó Déardaoin seo caite.

Local authorities repairing travel routes ahead of promised severe weather.

Údaráis áitiúla ag cóiriú na mbealaí taistil roimh an drochaimsir atá geallta.

Leave a Reply