20220128_IRISH_cuireadh_d’ambasadoir_na_ruise_teacht_os_comhair_an_oireachtais



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yd9v8cch

The Russian Ambassador was invited to appear before the Oireachtas.

Cuireadh d’Ambasadóir na Rúise teacht os comhair an Oireachtais.

The Russian Ambassador to this country has been invited to attend a hearing of the Committee of the Houses of the Oireachtas next week.

Tá cuireadh tugtha d’Ambasadóir na Rúise chun na tíre seo freastal ar éisteacht de Choiste Thithe an Oireachtais an tseachtain seo chugainn.

Yuri Filatov is expected to be present to outline Russia’s plans for Ukraine and the forthcoming exercises by his country’s Navy off the south coast of Ireland.

Tá súil go mbeidh Yuri Filatov i láthair chun cuntas a thabhairt ar a bhfuil beartaithe ag an Rúis maidir leis an Úcráin agus na cleachtaí atá le bheith ar bun ag Cabhlach a thíre amach ó chósta theas na hÉireann.

The Chairman of the Oireachtas Committee confirmed yesterday evening that he had sent the invitation to the Russian Embassy.

Dhearbhaigh Cathaoirleach an Choiste OIreachtais tráthnóna inné go raibh an cuireadh seolta aige chuig Ambasáid na Rúise.

It is understood that Yuri Filatov will be told by the committee that these military exercises planned for next Thursday should not go ahead.

Tuigtear go ndéarfar le Yuri Filatov ag an gcoiste nár chóir dul ar aghaidh leis na cleachtaí míleata seo atá beartaithe don Déardaoin seo chugainn.

Yesterday, Yuri Filatov had a meeting with representatives of the Irish fishing industry, which discussed concerns that military exercises at sea 260 kilometers offshore would endanger fish stocks.

Bhí cruinniú inné ag Yuri Filatov le hionadaithe ó thionscail na hiascaireachta in Éirinn, inar pléadh an imní atá ann go bhfágfadh na cleachtaí míleata sa bhfarraige 260 cíliméadar amach ónár gcósta, an stoc éisc i mbaol.

Representatives of the fishermen say that it has been decided that a buffer zone would be in place, from which both sides would be willing to stay out, so that there would be no conflict in the same sea area.

Deir ionadaithe na n-iascairí gur socraíodh go mbeadh crios maolánach i bhfeidhm, a mbeadh an dá thaobh sásta fanacht amach as, ionas nach mbeadh aon choimhlint sa réimse céanna farraige.

Ambassador Filatov has once again promised that these exercises will do little to disrupt your fishing.

Tá sé geallta ag an Ambasadóir Filatov arís eile gur beag a chuirfidh na cleachtaí seo as do chúrsaí iascaireachta.

However, they will run for 5 days, very close to where up to 60 vessels from this country fish.

Beidh siad ar siúl ar feadh 5 lá áfach, gar go maith don áit a mbíonn suas le 60 soitheach leis an tír seo i mbun iascaireachta.

Fishermen’s representatives are also concerned that there may be implications for their insurance while the Russian navy is in the region.

Tá imní á léiriú freisin ag ionadaithe na n-iasacirí go mba fhéidir go mbeadh impleachtaí ann dá gcuid árachais fad is atá cabhlach na Rúise sa réigiún.

Leave a Reply