20220129_IRISH_imni_ar_eolaithe_mara_faoi_chleachtai_mileata_na_ruise



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y9bvm54k

Marine scientists worry about Russian military exercises.

Imní ar eolaithe mara faoi chleachtaí míleata na Rúise.

Marine scientists have expressed concern about the potential impact of Russian military forces’ naval exercises at sea off the southwest coast of this country next week.

Tá imní léirithe ag eolaithe mara faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cleachtaí míleata fhórsaí airm na Rúise sa bhfarraige amach ó chósta iardheisceart na tíre seo an tseachtain seo chugainn.

The drills, which will include the use of a rocket, are planned 240 kilometers off the south – west coast.

Tá na cleachtaí, ina mbeidh usáid rocéad ina measc, beartaithe 240 cíliméadar amach ó chósta an iardheiscirt.

From 3-8 February.

Ón 3-8Feabhra atá i gceist.

The sea area where the exercises are planned is in areas recognized by the government of this country since 1991 as a haven for whales and dolphins.

Tá an limistéar farraige a bhfuil na cleachtaí beartaithe ann i gceantair atá aitheanta ag rialtas na tíre seo ó 1991 mar thearmann do mhíolta móra agus deilfeanna.

Despite the international attention drawn by the plans of the exercises of the Russian military forces next week, military exercises at sea are nothing new or out of the ordinary.

Ainneoin go bhfuil aird idirnáisiúnta tarraingte ag pleananna chleachtaí fhorsaí míleata na Rúise an tseachtain seo chugainn, ní aon rud nua nó as an ngnách cleachtaí míleata ar muir.

NATO forces planned at least 9 exercises at sea last year.

Bhi ar a laghad 9 gcinn de chleachtais beartaithe ag forsaí NATO ar na farraigí an bhliain seo caite.

But marine ecologist Emma Verling says the noise over these exercises could have a detrimental effect on whales and dolphins.

Ach deir an t-éiceolaí mara, Emma Verling go bhféadfadh droch thionchar a bheith ag an nglór os na cleachtaí seo ar mhíolta móra agus deilfeanna.

Dave Wall from an Irish group on whales and dolphins said the sound from the sound system of this naval boat disturbs the animals.

Dúirt Dave Wall ó ghúpa Éireannach maidir le míolta móra agus deilfeanna go gcuireann an fhuaim ó chóras sónar an bháid chabhlaigh seo isteach ar na h-ainmhithe.

Dave Wall told him that the group intended to make a submission to designate this sea area as a protected area so that no further military exercises could take place there.

Dúirt Dave Wall leis go raibh sé beartaithe ag an ngúpa aighneacht a dhéanamh chun an limistéar farraige seo a shonrú mar limistéar cosanta ionas nach bhféadfadh a thuilleadh de na cleachtaí míleata tarlú ann.

Marine scientists worry about Russian military exercises

Imní ar eolaithe mara faoi chleachtaí míleata na Rúise

Leave a Reply