20220127_IRISH_dochar_deanta_do_46_paiste_a_bhi_faoi_churam_meabhairshlainte



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yag3scxy

46 children in mental health care harmed.

Dochar déanta do 46 páiste a bhí faoi chúram meabhairshláinte.

There is clear evidence that 46 children have been significantly harmed by the type of mental health care provided to them in Co Kerry, according to a report published today.

Tá fianaise shoiléir ann go ndearnadh dochar suntasach do 46 páiste mar gheall ar an saghas cúraim mheabhairshláinte a cuireadh ar fáil dóibh i gCo Chiarraí, a deirtear i dtuarascáil a foilsíodh inniu.

This relates to the review of mental health services provided by the Health Service Executive to over 1,300 children in South Kerry over a number of years.

Baineann an scéal leis an athbhreithniú a rinneadh ar na seirbhísí meabhairshláinte a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fáil do bhreis agus 1,300 páiste i gCiarraí Theas le roinnt blianta.

The review also states that 227 children were at risk because of their diagnosis and the type of care provided to them by a junior doctor.

Maítear san athbhreithniú chomh maith go raibh 227 páiste i mbaol mar gheall ar an diagnóis a rinne dochtúir sóisearach orthu agus mar gheall ar an saghas cúraim a chuir an dochtúir sin ar fáil dóibh.

The review was initiated in April last year after a number of people expressed concern about the doctor’s work.

Tionscnaíodh an t-athbhreithniú san Aibreán anuraidh tar éis do roinnt daoine tabhairt le fios go raibh imní orthu faoi obair an dochtúra.

The doctor did not participate in the review and his / her name is not given in the report.

Níor ghlac an dochtúir páirt san athbhreithniú agus ní thugtar a (h)ainm sa tuarascáil.

The doctor was employed for five years by Child and Adolescent Mental Health Services, a division of the Health Service Executive.

Bhí an dochtúir fostaithe ar feadh cúig bliana ag Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh, rannóg de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

The Executive has apologized to the families of the 227 children involved.

Tá leithscéal gafa ag an bhFeidhmeannacht le muintreacha an 227 leanbh atá i dtreis.

The 46 children who were significantly harmed are said to have gained a lot of weight, developed high blood pressure and have been sedentary during the day while in the care of the Executive.

Maidir leis an 46 leanbh a ndearnadh dochar suntasach dóibh, deirtear gur chuir siad suas go leor meáchain, gur tháinig ardbhrú fola orthu agus gur támhaíodh iad i rith an lae agus iad faoi chúram na Feidhmeannachta.

The report also highlights oversight in the mental health service in South Kerry.

Tarraingítear aird sa tuarascáil freisin ar chúrsaí maoirseachta sa tseirbhís mheabhairshláinte i gCiarraí Theas.

It is said that the junior doctor was supervised by the service’s consultant psychiatrist, who did not notice the problems that arose during the years 2017 and 2018.

Deirtear nár thug síciatraí comhairleach na seirbhíse a bhí ag déanamh maoirseachta ar an dochtúir sóisearach, nár thug sé / sí faoi deara na fadhbanna a tháinig chun cinn i gcaitheamh na mblianta 2017 agus 2018.

No evidence was found that those problems were addressed even though they were highlighted in 2018, it is said.

Níor aimsíodh aon fhianaise go ndeachthas i ngleic leis na fadhbanna sin cé gur tarraingíodh aird orthu in 2018, a deirtear.

Not only that but in addition, in 2020, the junior doctor was recommended for other positions.

Ní amháin sin ach lena chois, in 2020, moladh an dochtúir sóisearach do phoist eile.

Leave a Reply