20220126_IRISH_iniuchadh_naisunta_ar_sheirbhisi_meabhairshlainte_geallta



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ycyh5t9t

National audit of promised mental health services.

Iniúchadh náisúnta ar sheirbhísí meabhairshláinte geallta.

Taoiseach Micheál Martin told the Dáil that the report published today on mental health services for young people in Co Kerry is extremely serious.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil go bhfuil an tuarascáil a foilsíodh inniu maidir le seirbhísí meabhairshláinte do dhaoine óga i gCo Chiarraí thar a bheith tromchúiseach.

The Taoiseach noted the need for a radical review of youth mental health services across the country in the light of the report.

Thug an Taoiseach le fios gur theastaigh athbhreithniú ó bhonn ar sheirbhísí meabhairshláinte don aos óg ar fud na tíre i bhfianaise na tuarascála.

The report is a serious criticism of the care provided in South Kerry, he said.

Tromcháineadh ar an gcúram a chuirtear ar fáil i gCiarraí Theas atá sa tuarascáil, a dúirt sé.

Child and Adolescent Mental Health Services – a division of the Health Service Executive – provided care for the adults in Kerry and Micheál Martin confirmed that the services they provide will be fully audited throughout the country.

Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh – rannóg de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – a chuir an cúram ar fáil do na haosánaigh i gCiarraí agus dhearbhaigh Micheál Martin go ndéanfar iniúchadh iomlán ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad ar fud na tíre go léir.

The Taoiseach was responding to Róisín Shortall from the Social Democrats who said that what was in the report was appalling.

Ag tabhairt freagra a bhí an Taoiseach ar Róisín Shortall ó na Daonlathaithe Sóisialta a dúirt go raibh an méid a bhí sa tuarascáil uafásach.

She also believes that the report casts doubt on the management of the Health Service Executive.

Dar léi chomh maith go gcaitheann an tuarascáil amhras ar an mbainistíocht i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

After all, she said, a whistleblower left the organization because he received no support and was given a backlash when he drew attention to the bad work.

Tar éis an tsaoil, a dúirt sí, d’éirigh sceithire as an eagraíocht mar nach bhfuair sé aon tacaíocht agus gur tugadh cúl droma dó nuair a tharraing sé aird ar an drochobair.

Róisín Shortall also said that a national audit is needed as it all too often happens that managers try to silence whistleblowers instead of encouraging them to tell their story.

Dúirt Róisín Shortall chomh maith go bhfuil iniúchadh náisiúnta ag teastáil mar go dtarlaíonn sé rómhinic go bhféachann bainisteoirí le sceithirí a chur ina dtost in áit iad uchtach a thabhairt dóibh a scéal a nochtadh.

The Taoiseach replied that he is open-minded about what is needed to address the issue.

D”fhreagair an Taoiseach go bhfuil intinn oscailte aige i leith a bhfuil ag teastáil le dul i ndréim leis an gceist.

He believes, he said, that all aspects of the story should be explored, including the issue of whistleblowers.

Creideann sé, a dúirt sé, gur cheart gach gné den scéal a iniúchadh, ceist na sceithirí san áireamh.

Micheál Martin also said that it is very important to make sure that parents are not to blame.

Dúirt Micheál Martin freisin go bhfuil sé an-tábhachach a dhearbhú nach bhfuil aon mhilleán ar thuismitheoirí.

46 children in mental health care harmed

Dochar déanta do 46 páiste a bhí faoi chúram meabhairshláinte

Leave a Reply