20220125_IRISH_gearcheim_na_hucraine:_forsai_mileata_an_iarthair_ar_fuireachas



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ycb7c7f6

Ukraine Crisis: Western military forces on standby.

Géarchéim na hÚcráine: fórsaí míleata an Iarthair ar fuireachas.

The North Atlantic Treaty Organization (NATO) has confirmed that member states’ military forces are being put on standby and that they have more ships and jets to send to Eastern Europe.

Tá sé dearbhaithe ag Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) go bhfuil fórsaí míleata na mballstát á gcur ar fuireachas agus go bhfuil tuilleadh long agus scairdeitlean le cur go hOirthear na hEorpa acu.

Russian forces have been carrying out maneuvers on the border with Ukraine since last November and NATO is concerned that the Russians are on the verge of invading the country.

Tá fórsaí na Rúise ag déanamh inlíochtaí ar an teorainn leis an Úcráin ó mhí na Samhna seo caite agus tá imní ar ECAT go bhfuil na Rúisigh ar shéala ionradh a dhéanamh ar an tír.

It is estimated that about 100,000 Russian soldiers are currently gathered at the border.

Áirítear thart ar 100,000 saighdiúir Rúiseach a bheith bailithe ar an teorainn faoi láthair.

NATO has stated that it will protect the needs of its Eastern European allies.

Tá sé tugtha le fios ag ECAT go ndéanfaidh siad gach a mbeidh ag teastáil lena gcomhghuaillithe in Oirthear na hEorpa a chosaint.

The Russian government, however, has accused Western countries of only prolonging the fire.

Tá sé curtha i leith thíortha an Iarthair ag Rialtas na Rúise, áfach, nach bhfuil siad ach ag fadú na tine.

According to US intelligence, Russia could invade Ukraine at any time in the future.

Dar le lucht faisnéise na Stát Aontaithe go bhféadfadh an Rúis ionruathar a thabhairt faoin Úcráin am ar bith feasta.

Diplomats from several Western countries have fled the Ukrainian capital, Kiev.

Tá taidhleoirí ó roinnt de thíortha an Iarthair tar éis príomhchathair na hÚcráine, Cív, a fhágáil.

There is also talk of imposing sanctions on Russia but it is understood that Germany – NATO’s member state – would prefer to be more careful about such severe punishment at this time.

Tá caint freisin ar smachtbhannaí a chur ar an Rúis ach tuigtear gurbh fhearr leis an nGearmáin – ballstát ECAT – a bheith níos cúramaí faoi phionós chomh dian sin ag an tráth seo.

The German government is refusing to allow other countries to sell German-made weapons to Ukraine.

Tá Rialtas na Gearmáine ag diúltú cead a thabhairt do thíortha eile airm a rinneadh sa Ghearmáin a dhíol leis an Úcráin.

On the contrary, Ukraine has welcomed the European Union’s decision to provide the country with a € 1.2 billion financial bailout.

Os a choinne sin, tá fáilte curtha ag an Úcráin roimh chinneadh an Aontais Eorpach fóirithint airgeadais €1.2 billiún a chur ar fáil don tír.

Leave a Reply